Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Rabhadh Aimsire

Rabhadh Dearg Aimsire eisithe ag Met Éireann do Dhún na nGall

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag moladh go láidir don phobal a bheith níos cúramaí sa 36 huaire amach romhainn de dheasca rabhadh fíor-dhrochaimsire atá eisithe ag Met Éireann maidin inniu.

 

D'eisigh Met Éireann rabhadh dearg do Chonnacht, Dún na nGall, An Clár agus Clár, ag tosú ó 6pm oíche Dé hAoine to dtí 3am maidin Dé Domhnaigh.  Tá Met Éireann ag tuar go dtitfidh fearthainn throm gan stad thar oíche agus an lá ar fad Dé Sathairn, agus iad ag dréim le breis agus 70mm d'uisce dromhchla, agus níor airde ná sin ar thailte arda.

 

Táthar ag iarraidh ar an phobal a bheith cúramach, go háirithe i gceantracha ina mbíonn baol tuilte, a bheith níos cúramaí ar na bóithre agus níos mó ama a fhágáil acu féin fá choinne a gcuid turas.

 

Tá an Chomhairle ag coinneáil súil ar na coinníollacha agus freagrófar scairteanna éigeandála de réir mar is gá.

 

Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Chomhairle ar (074) 91 53900 agus má tharlaíonn eachtra éigeandála lasmuigh d'uaireanta oifige is féidir dul i dteagmháil le Seirbhís Bóithre na Comhairle ar (074) 91 72288. 

 

Coinnigh suas chun dáta le coinníollacha bóthair le linn an gheimhridh trí muid a leanúint ar Twitter @roadsdcc@donegalcouncil nó ar an leathanach Facebook

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO