Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Rabhadh Fíor-Dhrochaimsire

Rabhadh Fíor-Dhrochaimsire

Iarrann an Chomhairle ar an phobal a bheith cúramach de bharr rabhadh drochaimsire

 

Agus rabhadh fíor-dhrochaimsire i bhfeidhm ó Met Éireann (Stádas Dearg) ó thráthnóna inné, aréir agus an lá inniu, tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag iarraidh ar an phobal a bheith cúramach agus a bheith airdeallach faoi na contúirtí a thagann le gaotha móra agus le tuilte logánta i gcodanna éagsúla den chontae.  

 

Tá Met Éireann ag tuar go mbeidh gaotha de luas 130 km/h suas go dtí 150 km/h, agus na luasanna is airde sin i gceantracha gan foscadh. Bhíothas ag dréim le idir 25 agus 35 mm d'fhearthainn chomh maith.   Níor chóir do bhaill den phobal iad féin a chur i gcontúirt ar an bhóthar ná i gceantracha gan foscadh ar nós cóstaí nó cnoic, agus ba chóir dóibh fiafraí díobh féin roimh ré an bhfuil géarghá leis an turas. Is dócha go mbeidh cur isteach éigin ar chúrsaí tráchta de bharr crainn tite agus tuilte áitiúla i gceantracha áirithe.

 

Beidh Comhairle Contae Dhún na nGall ag coinneáil súil ar chúrsaí aimsire agus tá baill foirne réidh chun cuidiú i gcás éigeandála. 

 

I gcás éigeandála le linn uaireanta oifige cuir scairt ar 0749153900.

 

I gcás éigeandála lasmuigh d'uaireanta oifige, cuir scairt ar 0749172288 le haghaidh Seirbhísí Bóithre nó 0749172399 le haghaidh Seirbhisí Uisce. 

 

Is féidir leis an phobal iad féin a choinneáil ar an eolas faoi choinníollacha bóthair trí muid a leanúint ar Twitter @roadsdcc  nó @donegalcouncil  nó trí shuíomh idirlín ar leith na Comhairle le haghaidh aimsir gheimhridh a sheiceáil ar www.donegalcocowinterweather.ie.

 

CRÍOCH

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO