Cuireadh Contae Dhún na nGall go mór chun cinn le coicís anuas ag na Seónna Holiday World i mBéal Feirste agus i mBaile Átha Cliath, agus meastar go bhfaca suas le 60k a d’fhéadfadh teacht anseo ar cuairt an phoiblíocht a rinneadh.
Tá moladh mór tugtha do na himeachtaí agus léirigh go leor daoine suim i gcuairt a thabhairt ar Chontae Dhún na nGall i mbliana. Tá na Seónna Holiday World ar an dá sheó taisteal turasóireachta is suntasaí san Eoraip a bhíonn ar siúl gach bliain agus bíonn siúl mór daoine i láthair ó gach cearn den domhain, An Eoraip (an RA agus Poblacht na hÉireann san áireamh), An Meán-Oirthear, An Áis agus Meiriceá.
Thaispeáin na Seónna Saoire in 2016 go bhfuil méadú ag teacht ar ráchairt ar Dhún na nGall mar cheann scríbe i measc cuairteoirí agus táthar ag tuar go mbeidh níos mó cuairteoirí againn i mbliana a bhuí le hobair mhargaíochta ó laistigh den earnáil agus de bharr togra Shlí an Atlantaigh Fhiáin. -