Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Scéim Feabhsúcháin Áitiúíl 2017

Scéim Feabhsúcháin Áitiúíl 2017

Tá curtha in iúl ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail (RFTP) go bhfuil sé i gceist acu Scéim Feabhsúcháin Áitiúil (SFÁ) a chur i bhfeidhm in 2017, faoi réir;

 

a) an leibhéal éilimh,

b) leibhéal na n-acmhainní ar fáil, agus

c) cumas na nÚdarás Áitiúil an scéim a chur i gcrích roimh dheireadh 2017.

 

Leis an leibhéal spéise a mheas tá iarrtha ar Údaráis Áitiúla liosta de thograí SFÁ, a d’fhéadfadh a bheith ann, a chur le chéile agus a chur isteach chuig an RFTP.

 

Tá cuireadh roimh dhaoine a bhfuil suim acu i scéim SFÁ in 2017 iarratais a dhéanamh fá choinne bóithre atá incháilithe.

Is iad is bóithre incháilithe ná bóithre neamhphoiblí, go minic ag dul isteach chuig tithe agus chuig áiseanna tábhachtacha pobail ar nós reiligí, tránna, céanna, sléibhte, etc nó bóithre neamhphoiblí eile a chuireann rochtain ar fáil chuig píosaí talún, nó a chuireann rochtain ar fáil le haghaidh obair an fhómhair (móin anó feamainn san áireamh) fá choinne beirte nó níos mó.

 

Caithfidh níos mó ná sealbhóir talún amháin a bheith ar bhóthar SFÁ agus caithfidh an bóthar a bheith oscailte don phobal.

 

Bóithre atá ag freastal ar thithe nó ar fhoirgnimh ina bhfuil daoine nach bhfuil baint acu le hobair talmhaíochta, nó bóithre atá ag dul isteach chuig fiontair thráchtála, níl siad i dteideal Scéim SFÁ.

 

Tá gá le híocaíocht áitiúil fá choinne Scéimanna Feabhsúcháin Áitiúla agus tá sé sin socraithe ag 10% do bhóithre incháilithe ina bhfuil suas le 5 chónaitheoir, agus an líon sin san áireamh, agus ag 15% do bhóithre ar a bhfuil 6, nó níos mó ná 6, chónaitheoir.

 

Níl obair saor in aisce, ná ábhair saor in aisce, inghlactha mar chuid den íocaíocht ó chónaitheoirí áitiúla.

 

Ní ghlacfar leis an mhéid seo a leanas, mar chuid den SFÁ;

 

(a) mion-tograí a d’fhéadfadh na hiarratasóirí iad féin a dhéanamh agus/nó

(b) tograí beaga a bheadh neamh-eacnamúil don Chomhairle a dhéanamh.

 

Beidh foirmeacha iarratais ar fáil ar shuíomh idirlín na Comhairle anseo.

 

Is féidir foirmeacha iarratais comhlánaithe a chur tríd an phost chuig Scéim Feabhsúcháin Áitiúil 2017, Rannóg na mBóithre, Teach an Chontae, Leifear, Contae Dhún na nGall nó trí ríomhphost chuig [email protected] leis an teideal Iarratas ar Scéim Feabhsúcháin Áitiúil 2017.

 

Caithfear iarratais a bheith faighte roimh 4.30 pm Dé hAoine 8 Meán Fómhair 2017.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO