Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Scéim na hEargaile

Scéim le taitneamh freagrach as an Earagail a chur chun cinn

 

 Launch of Ascent 1 379 x 269

 

Ar amharc Ghleann Nimhe álainn i nDún Lúiche tá an Cathaoirleach agus iad siúd a bhí i láthair ag seoladh thionscnamh ASCENT 

 

Bhí breis agus 30,000 cuairteoir ar an Earagail le linn an tsamhraidh i 2016, agus tá an tionscnamh ASCENT dírithe ar chur chuige inmharthanach a cheadós sult freagrach a bhaint as an sliabh. Sheol an Cathaoirleach Cllr. Terence Slowey an tionscnamh maidin Déardaoin i nDún Lúiche.

 

Labhair roinnt cainteoirí ag an seoladh a tharla ag bun hEaragaile maorga, ar a n-áirítear Seamus Neely ó Chomhairle Contae Dhún na nGall, Michael O'Brien ón Tionól Réigiúnach Thuaidh-Thiar, Paul Roarty, Grúpa Pobail Dhún Lúiche, Rosita O'Mahony, Comhairle Contae Dhún na nGall agus ionadaithe ó na heagraíochtaí rannpháirteacha ón Fhionnlainn, ón Íoslainn, ón Iorua agus ó Thuaisceart Éireann.

 

Chuir Paul Roarty, ó Ghrúpa Pobail Dhún Lúiche, fáilte roimh gach duine go dtí baile galánta Dhún Lúiche agus chuir sé síos ar an mhian atá ag an ghrúpa go ndéanfaí bainistiú ar fhorbairt na hEaragaile mar acmhainn phobail agus ag an am céanna, saintréithe an tsléibhe a chaomhnú agus a chosaint.

 

 Launch of Ascent 2 379 x 269

Ag bun an Eargail i ndiaidh sheoladh thionscnamh ASCENT

 

Ghabh Príomhfheidhmeannach na Comhairle, Seamus Neely buíochas le pobal na háite as a léargas agus as a dtiomantas maidir le forbairt inmharthanach an tsléibhe. "Is cuid lárnach den tionscnamh é an gá le cáilíochtaí speisialta an tsléibhe a chosaint le go mbeidh sé mar bhuntáiste ag pobal na háite agus tá an-áthas orm faoin rannpháirtíocht a fuair  muid ón phobal anseo i nDún Lúiche."  

 

Chuir sé leis an mhéid sin: "Is é atá i gceist ná riachtanais na turasóireachta agus na heacnamaíochta a nascadh le riachtanais an phobail agus leis seo a bhaint amach caithfidh muid bheith ag obair le gach páirtí leasmhar. Bhí an t-ádh linn leis an rannpháirtíocht dhearfach seo agus ba mhaith liom aitheantas speisialta a thabhairt don tacaíocht a fuair muid ó chomhaltaí tofa Cheantar Bardasach na nGleanntaí. Dar le Michael O'Brien ón Tionól Réigiúnach Thuaidh-Thiar, tá an tionscnamh seo á mhaoiniú ag an Chlár Imeall Thuaidh agus Artach agus beidh marlartú eolais agus foghlama ann idir seacht n-ionad a bhfuil cosúlachtaí eatarthu ach a bhfuil dúshláin éagsúla rompu ina gceantair féin.

 

 Launch of Ascent 3 379 x 269

Ag bun na hEaragaile i ndiaidh sheoladh thionscnamh ASCENT

 

 

Agus é ag seoladh an tionscnaimh seo, chuir an Cathaoirleach Cllr. Terence Slowey fáilte chroíúil roimh na páirtithe ón Íoslainn, ón Fhionnlainn, ón Iorua agus ó Thuaisceart Éireann agus dúirt sé: "ní amháin go bhfuil stair chomónta againn agus na Lochlannaigh mar shinsear againn, iad siúd a rinne taiscéaladh ar na hoileáin agus na cóstaí san Atlantach Thuaidh, ach tá cónaí orainn fosta ar imeall thuaidh na hEorpa, in ionaid atá measartha tuathúil agus iargúlta ach a bhfuil flúirse acmhainní nadúrtha iontu agus na caighdeáin bheatha is airde san Eoraip. Agus inniu is iad na réigiúin shléibhtiúla sin an tréith chomónta againn atá ár dtabhairt le chéile sa tionscnamh fiúntach tráthúil seo."

 

Baineann an tionscnamh seo lena chinntiú gur féidir sult freagrach a bhaint as an Earagail ar bhealach a dhéanann cosaint ar cháilíochtaí speisialta an tsléibhe agus atá le leas an phobail áitiúil. Faoi thionscnamh ASCENT beidh taighde ar siúl ar conas atá teacht ar na ceantair sléibhe i réigiúin pháirtíochta agus in Albain, déanfar forbairt ar bheartas ina mbeidh páirtithe leasmhara éagsúla páirteach, forbairt ar Phlean Bainistíocht don Earagail, déanfar cosán a dhearadh don Earagail chomh maith le cláir traenála maidir le cosáin a thógáil agus a choinneáil agus samhlacha cosáin a thriail ar an Earagail.

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO