Tá an Rialtas i ndiaidh mionsonraí a fhógairt i dtaca le scéim atá bunaithe chun tacaíocht éigeandála daonnúil a chur ar fáil do ghnólachtaí beaga nach raibh in ann árachas tuile a fháil agus a ndearnadh damáiste uisce dóibh le linn Stoirm Desmond.
Tá an scéim á riar ag an Chros Dhearg thar ceann na Roinne Cosanta agus is é an 15 Eanáir 2016 an spriocdháta fá choinne iarratais.
Is é atá sa scéim ná deontas tacaíochta chun cuidiú leis na costais atá ar athchóiriú na n-áitreabh gnó go dtí an caighdeán céanna a bhí acu roimh na tuilte, agus san áireamh leis sin tá urláir úra, daingneáin agus feistis, agus stoc úr a chur ar fáil san áit ar scriosadh iad.
Cliceáil anseo fá choinne tuilleadh eolais faoin scéim.