Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Scoil Samhraidh Mhic an Ghoill

Craoladh beo ó Scoil Samhraidh Mhic an Ghoill

Macgill Summer School

Níl Scoil Samhraidh Mhic an Ghoill ach cúpla lá uainn  agus tá foireann craoladh gréasáin Chomhairle Contae Dhún na nGall gnoitheach ag déanamh socruithe le go mbeidh craoladh beo ar fáil ón ócáid sna Gleannta le linn na Scoile. Beidh na craolacháin ar fáil anseo.

 

Bíonn baile na nGleanntach i lár an aonaigh ó thaobh na polaitíochta in Éirinn de le linn seachtain amháin i mí Iúil gach bliain nuair a osclaíonn Scoil Samhraidh Mhic an Ghoill a cuid doirse le plé a dhéanamh ar chúrsaí tábhachtacha polaitíochta, eacnamaíochta, agus sóisialta agus cuimhní cinn.

 

Is é an tUas. Stéphane Crouzat, Ambasadóir Ainmnithe na Fraince in Éirinn a osclóidh an scoil go hoifigiúil Dé Domhnaigh 16 Iúil. Ina dhiaidh sin beidh Léacht Bliantúil John Hume ar siúl, agus é á thabhairt ag Simon Coveney TD, An tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála. Ní bheidh iontas ar bith ar éinne gurb é Brexit agus a impleachtaí d'Éirinn, don Bhreatain agus don AE, chomh maith leis na bagairtí slándála ar fud na hEorpa, a bheas mar ábhar plé i mbliana.

  

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag obair go dlúth le Scoil Samhraidh Mhic an Ghoill ón bhliain 2009 le taifead agus craoladh a dhéanamh ar imeachtaí na Scoile. Is féidir cartlann físeán de na cainteoirí ar fad ón bhliain sin a fháil anseo.  

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO