Beidh Seachtain Cheol Traidisiúnta Leitir Ceanainn ag toiseacht i gceann trí lá, Dé hAoine 20 Eanáir agus leanfaidh sí ar aghaidh go dtí Dé Luain 30 Eanáir.
Mar chuid de sheachtain den chéad scoth beidh cúig cinn de cheolchoirmeacha móra, ceardlanna ceoil agus na sárcheoltóirí The Rheingans Sisters ó Shasana.
Beidh meascán iontach d'amhránaíocht agus de cheol ann, agus ina measc beidh: Billy Bragg agus Martin & Eliza Carthy ó Shasana, Julie Fowlis agus Kris Drever ó Albain, Na Mooneys, Lynched agus No Crows as Éirinn agus Joe Henry agus Special Consensus ó Mheiriceá.
Tosóidh gach ceolchoirm ar 8pm agus is féidir ticéidí a fháil in An Grianán ar 00353 74 9120777, nó ar líne ag www.angrianan.com €12 ar na ticéidí do cheolchoirmeacha san Ionad Cultúrtha Réigiúnach (€10 costas laghdaithe), agus tá €20 ar Martin & Eliza Carthy, agus €25 ar Billy Bragg & Joe Henry €25.
Tús le Seachtain Cheol Traidisiúnta Leitir Ceanainn le trí cheolchoirm san ICR i Leitir Ceanainn. Ceol bluegrass le Special Consensus as Meiriceá, agus an cheolfhoireann dhinimiciúil as Sligeach 'No Crows'.
Special Consensus & No Crows
€12/€10 Áirithintí
An príomhcheoltóir le Lau as Albain, Kris Drever ag dul i gcomhpháirt leis an amhránaí Julie Fowlis agus beirt de na ceoltóirí traidisiúnta is fearr in Éirinn Aoife Ní Bhriain (fidil) agus Padraig Rynne (consairtín) mar chuid de chamchuairt ar Éirinn Dé Domhnaigh 22ú.
Kris Drever, Julie Fowlis, Aoife Ní Bhriain, Padraig Rynne
€12/€10 Áirithintí!
An grúpa traidisiúnta teaghlaigh Na Mooneys, ina bhfuil na deirfiúracha Mairéad agus Anna Ní Mhaonaigh, a ndeartháir Gearóid agus a mhacsan Ciarán, chomh maith leis na Rheingans Sisters ó Sheffield.
Na Mooneys / The Rheingans
€12/€10 Book now!
Beidh an dá cheolchoirm dheireanacha mar chuid de Sheachtain Cheol Traidisiúnta Leitir Ceanainn ar siúl insan Ghrianán.
‘A Family Affair, Ceolchoirm Mhór’ Martin & Eliza Carthy, Lynched, Rheingans Sisters agus na ceoltóirí óga Coirm.
A Family Affair - Ceolchoirm mhór le Martin & Eliza Carthy, Lynched, The Rheingans Sisters agus Coirm
€20 Áirithintí!
Billy Bragg and Joe Henry
€25 Áirithintí!