Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Seachtain Cuimsiú Sóisialta

An tSeachtain um Chuimsiú Sóisialta seolta i nDún na nGall

Social Inclusion Week

Baill den chór Ceol le Chéile a chan ag seoladh na Seachtaine um Chuimsiú Sóisialta i nDún na nGall in Ionad Seirbhísí Poiblí Leitir Ceanainn sa ghrianghraf le Séamus Mac Conaola, Comhairle Contae Dhún na nGall, Susan McCauley, An Clr. Séamus Ó Domhnaill, Cathaoirleach, Comhairle Contae Dhún na nGall, Máire Ní Fhearraigh, Comhairle Contae Dhún na nGall, Mairéad Cranley, Comhairle Contae Dhún na nGall, An Clr. Ian Mac Gairbheith, Méara CB Leitir Ceanainn agus Charles Sweeney, Comhairle Contae Dhún na nGall.   Grianghraf le Gerard McHugh

 

“Neartaítear an tsochaí nuair a bhíonn saoránaigh na sochaí sin rannpháirteach”. Sin an teachtaireacht, dar le Séamus Mac Conaola, Príomh-Fheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall, atá taobh thiar den tSeachtain um Chuimsiú Sóisialta i mbliana.

 

Seo mar a labhair Séamus Mac Conaola ag seoladh na Seachtaine um Chuimsiú Sóisialta tráthnóna Dé Máirt in Ionad Seirbhísí Poiblí Leitir Ceanainn: “Tugann an tSeachtain um Chuimsiú Sóisialta deis dúinn aird a tharraingt ar an obair dhearfach atá ar bun ag an earnáil phoiblí agus ag an earnáil phobail leis an leithcheal, an bhochtaineacht agus an t-imeallú sóisialta a laghdú, an obair sin a chur chun cinn, agus ár machnamh a dhéanamh ar na dúshláin atá os comhair baill leochaileacha den phobal s’againne.”

 

Beidh an tSeachtain um Chuimsiú Sóisialta ar siúl i mbliana ón 4 go dtí an 13 Deireadh Fómhair, agus beidh imeachtaí ar siúl ar fud an chontae, a mbeidh ina measc Ródseónna Aoischairdiúla do Dhaoine Scothaosta a tharraingeoidh aird ar na seirbhísí atá ar fáil ó áisíneachtaí éagsúla amhail sláinte, slándáil, deisiúcháin tí, airgeadas agus go leor eile.   Beidh na himeachtaí seo ar siúl i Halla Paróiste Ghort an Choirce Dé Luain 8 Deireadh Fómhair ó 11am go dtí 2pm agus in Ionad Ghleanntán na Finne, Srath an Urláir ó 12.30pm go dtí 3pm Déardaoin 11 Deireadh Fómhair.

 

Tagann an tSeachtain um Chuimsiú Sóisialta le chéile i mbliana leis an tSeachtain Dhomhanda Mheabhairshláinte.   Beidh sraith imeachtaí ar siúl ar fud an chontae le feasacht a ardú i dtaca le cúrsaí meabhairshláinte, agus le tograí éagsúla chur chun chun tosaigh maidir le féinmharú a laghdú agus sláinte mhaith intinne a chothú.

 

Beidh an tríú comhdháil bhliantúil de chuid Nascadh don Bheatha ar siúl i nDún na nGall Dé hAoine 5 Deireadh Fómhair in Óstán an Raddison, Leitir Ceanainn agus déanfar an Taispeántas dar teideal Beathaí Beo Caillte a sheoladh ar 1.30pm san Ionad Réigiúnach Cultúrtha.   

 

Agus é ag caint ag an seoladh bhí an méid seo a leanas le rá ag an Clr. Séamus Ó Domhnaill, Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall: “Is é atá i gceist le cuimsiú sóisialta ná tacú le daoine atá faoi mhíbhuntáiste agus imeallaithe agus cuidiú leo a bheith páirteach in achan ghné den saol sóisialta, cultúrtha, eacnamaíochta agus polaitíochta.  Léiríonn an clár le haghaidh na Seachtaine um Chuimsiú Sóisialta an obair shuntasach fhiúntach atá ar bun ag an leibhéal áitiúil i nDún na nGall, agus tá neart imeachtaí ann atá á reáchtáil ag Comhairle na nDaoine Scothaosta, Aonad um Chuimsiú Sóisialta na Comhairle, Rannóg na Gaeilge, na Leabharlanna, agus Músaem an Chontae.

 

Bhí taispeántas speisialta ceoil ann dóibh siúd a bhí i láthair ó chór na n-aoiseanna i nDún na nGall, mar atá Ceol le Chéile.   Craoladh físeán gairid ina labhraíonn baill den chór faoin tionchar a bhí ag an chór ar a saol féin agus na buntáistí dearfacha a eascraíonn as ceol agus as an amhránaíocht ó thaobh sláinte intinne de.

 

Labhair an Clr. Ian Mac Gairbheith, Méara CB Leitir Ceanainn ag an seoladh fosta agus dúirt sé gur chreid sé gurb é an sprioc atá leis an chuimsiú sóisialta ná sochaí chothrom chuimsitheach a chruthú agus a chinntiú go mbíonn deis ag achan duine a bheith páirteach sa phobal ina bhfuil cónaí orthu is cuma fána gcúinsí ná fána gcúlra.  

 

Chuala a raibh i láthair fosta ó ionadaithe de chuid roinnt áisíneachtaí atá ag glacadh páirte sa Ródseó Aoischairdiúil, a bhí ar siúl fosta le linn an tseolta in ISP Leitir Ceanainn.

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO