Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Seachtain na hOidhreachta

Seoladh Chlár Imeachtaí Oidhreachta

Seoladh Chlár Imeachtaí do Sheachtain Oidhreachta Chontae Dhún na nGall

 

Imeacht:            Seoladh Chlár Imeachtaí do Sheachtain Oidhreachta Chontae Dhún na nGall

 

Ionad:                 Iarsmalann Chontae Dhún na nGall, An Bóthar Ard, Leitir Ceanainn, Contae Dhún na nGall

 

Dáta:                   Dé Luain, 8 Lúnasa, 2016

 

Am:                    12 p.m. (meánlae) Sólaistí ar fáil

 

Cur Síos:       Tá an Clár Imeachtaí le haghaidh Seachtain Oidhreachta i gContae Dhún na nGall curtha i dtoll a chéile ag Oifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall. Is é atá ann leabhrán beag póca, saor in aisce, a thugann eolas ar an 108 imeacht a bheas ar siúl i gContae Dhún na nGall mar chuid den tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta ón Satharn 20 Lúnasa go dtí an Domhnach 28 Lúnasa, 2016.  Is é An Clr. Toirealach Ó Sluaigh, Cathaoirleach, Comhairle Contae Dhún na nGall, a sheolfaidh an clár imeachtaí.  Tá 24 imeacht á reáchtáil, nó á n-óstáil, ag Seirbhísí Cultúrtha Chomhairle Contae Dhún na nGall le haghaidh Sheachtain na hOidhreachta.  Is deis í an tSeachtain Oidhreachta le feasacht a spreagadh, agus bród a chothú in oidhreacht Chontae Dhún na nGall.  I measc na n-imeachtaí imeachtaí a bheas ar siúl i gContae Dhún na nGall beidh laethanta oscailte oidhreachta, siúlóidí treoraithe, turais allamuigh, taispeántais, comhdhálacha, cainteanna léirithe, athléirithe stairiúla, taispeántais éanacha creiche, ag amharc ar mhíolta móra, turais ghairdíní, taispeántais scileanna traidisiúnta, aontaí ceardaíochta, traenáil i scileanna, imeachtaí seolta, scannáin, scéalaíocht, ceol traidisiúnta agus imeachtaí do pháistí.  Tuilleadh eolais ar fáil ar www.heritageweek.ie  nó www.donegalcoco.ie/heritage

 

 

 

Is féidir le lucht eagraithe na n-imeachtaí a gcuid cóipeanna den Chlár Imeachtaí do Sheachtain na hOidhreachta i gContae Dhún na nGall a fháil ag an tseoladh.

 

Urraithe:            Oifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall, Comhairle Contae Dhún na nGall & an Chomhairle Oidhreachta mar chuid de chur i bhfeidhm Phlean Oidhreachta Chontae Dhún na nGall.

 

RSVP:                    Iarsmalann Chontae Dhún na nGall ar (074) 912 4613  nó  [email protected]

 

Fáilte roimh achan duine a bheith i láthair

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO