Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Seastáin Rothar cois trá

Seastáin úra rothar ag tránna i nDún na nGall

Bike Stand Culdaff

Na seastáin úra rothar ag tránna i gCúil Dabhcha

 

Tá an samhradh buailte linn agus níl bealach ar bith níos fearr leis an chósta álainn atá againn a thaiscéaladh ná léim in airde ar an rothar agus cuairt a thabhairt ar cheann dár gcuid tránna flúirseacha.

 

Agus níos fearr go fóill, beidh tú in ann do rothar a fhágáil ag ceann amháin den dá cheann déag de sheastáin úra rothar atá curtha ar fáil ag tránna ar fud an chósta. Tá na seastáin seo deartha agus déanta go speisialta ag an chomhlacht áitiúil Innealtóireacht Chranncha le go mbeadh siad in oiriúint don chósta álainn atá againn agus mar áis bhreise do chuairteoirí cois farraige.

 

Tá na seastáin le fáil i mBun Dobhráin, Ros Neamhlach, Murbhach, Fionntrá, An Fhearthainn, Trá na Cille, Na Dúnaibh, Machaire Bhardain, Cnoc an Mharmair, Lios Feannáin, Cúil Dabhcha agus An tSrúibh.

 

Bike Stand Lisfannon

Seastán úr rothar i Lios Feannáin

 

Dúirt an Cathaoirleach, an Clr. Gerry McMonagle, go bhfuil súil aige go mbainfear úsáid mhór as an bhonneagar úr rothaíochta seo, go bhfuil dearadh speisialta agus uathúil ar na seastáin agus go gcuirfidh siad go mór leis an timpeallacht. Tá súil aige go gcuideoidh siad leis an rothaíocht a spreagadh chan amháin mar chaitheamh aimsire ná mar spórt ach mar mhodh praiticiúil agus éifeachtach taistil chomh maith. 

 

"Tá méadú suntasach ar líon na gcuairteoirí go dtí an contae le blianta beaga anuas, go háirithe de bharr theacht chun tosaigh Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Tá na cuairteoirí seo ag lorg deiseanna le seodra turasóireachta Dhún na nGall a thaiscéaladh agus níl dóigh níos fearr leis sin a dhéanamh ná ar mhuin an chapaill iarainn'. 

Anois go bhfuil na seastáin úra rothar seo ar fáil, léimimis uilig in airde ar ár gcuid rothar agus fágaimis an carr sa bhaile.... 

 

 

 

Bike Stand

An seastán úr rothar i gCnoc an Mharmair.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO