Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Seimineár Bailte Slachtmhara

Seimineár Bailte Slachtmhara

Tidy Towns Seminar

Málainn: ceann de na bailte slachtmhara is rathúla i nDún na nGall‌

 

Tá an Clr. John Campbell, Cathaoirleach ar Chomhairle Contae Dhún na nGall ag iarraidh ar gach grúpa Bailte Slachtmhara an dáta a shábháil don seimineár dúshlánach atá ar na bacáin i dtaca leis an chatagóir Bainistiú Inbhuanaithe ar Dhramhaíl agus Acmhainní den chomórtas náisiúnta. Beidh an seimineár ar siúl Dé Sathairn 22 Samhain ó 10.00am go dtí 2.00pm in Óstán an Clanree, Leitir Ceanainn. Moltar go gach Coiste Bailte Slachtmhara i nDún na nGall a bheith i láthair.

 

Tá lúcháir ar an Chomhairle go bhfuil na haoichainteoirí seo a leanas deimhnithe don seimineár, Debbie Nesbitt, Moltóir Náisiúnta na mBailte Slachtmhara, Odile Le Bolloch, Clár an GCC um Chosc ar Dhramhaíl, Claire Bromley, An tIonad Nádúir agus Foghlaim Lasmuigh, Oifigeach Oideachais, NPWS.

 

Tá sé i gceist ag an seimineár eolas iontach praiticiúil a thabhairt do choistí ar dhóigheanna ina dtig leo a gcuid marcanna a fheabhsú sa chatagóir Bainistiú Inbhuanaithe ar Dhramhaíl agus Acmhainní.

 

Tá gá le d'áit a chur in áirithe agus moltar go bhfreastalódh 2 - 3 ionadaí ó gach coiste ar an seimineár agus cóip dá bhFoirm Iontrála do na Bailte Slachtmhara in 2014 a thabhairt leo.

 

Le d'áit a chur in áirithe déan teagmháil le Suzanne Bogan, Oifigeach Feastachta Dramhaíola ar 074 91 76276 nó ar ríomhphost [email protected][email protected]

 

 

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO