Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Seimineár Earraigh Turasóireachta

Seimineár Earraigh Turasóireachta

Donegal Tourism Seminar 379 x 269

Foireann Turasóireachta Dhún na nGall le haoichainteoirí saineolacha ag Seimineár Earraigh Thurasóireacht Dhún na nGall an tseachtain seo caite. 

 

D’fhreastail breis agus 100 duine ar Sheimineár Earraigh Thurasóireacht Dhún na nGall in Amharclann an Ghrianáin an tseachtain seo caite, áit ar thug an lucht freastail cluas do phainéal d’aoichainteoirí ó thionscal na turasóireachta.

 

Ina measc seo bhí Brian Harte, Ceannasaí Teagmhála Custaiméara le Turasóireacht Éireann; Pól Ó Conghaile, scríbhneoir agus saineolaí taistil a bhfuil gradaim bainte aige. Scríobhann sé don National Geographic Traveller agus is eagarthóir taistil leis an Independent.ie é; Maire Áine Gardiner ó Fáilte Éireann a thug léargas ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin; agus Niamh Taylor, Stiúrthóir Bainistíochta le Digital24, a labhair faoin dóigh le margaíocht a dhéanamh ar líne ar son do ghnólacht turasóireachta.

 

Donegal Tourism Seminar 2 

Cainteoirí Brian Harte, Turasóireacht Éireann, Máire Áine Gardiner, Fáilte Éireann, Niamh Taylor, Digital 24 agus Pól Ó Conghaile, Scríbhneoir Taistil 

 

Chuala an seimineár fosta ó Shéamus Mac Conghaola, Príomh-Fheidhmeannach le Comhairle Contae Dhún na nGall agus Cathaoirleach ar Thurasóireacht Dhún na nGall, a dúirt leis an lucht freastail go bhfuil sé cruthaithe go maith go bhfuil féidearthachtaí gnó ag baint leis an turasóireacht i nDún na nGall, agus go raibh ról tábhachtach ag an turasóireacht san athbheochan eacnamaíochta agus eile sa cheantar. Bhí páirt mhór ag gnólachtaí úra turasóireachta san fhorbairt eacnamaíochta.

 

Thug Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, An Clr. Toirealach Ó Sluaigh, moladh mór do Thurasóireacht Dhún na nGall as an obair a rinne siad le haitheantas a fháil don chontae ar bhonn leanúnach. ‘Tá mé cinnte go n-aontóidh sibh uilig go bhfuil seasamh iontach láidir againn sa réimse seo go náisiúnta’ ar seisean. Tá borradh leanúnach ar an bhranda www.govisitdonegala bunaíodh in 2013 le Dún na nGall a chur chun cinn, a mhargú agus a fhorbairt mar phríomh-cheann scríbe do chuairteoirí in Éirinn, sna margaí intíre agus thar lear, agus leanann an togra sin de bheith ag plé leis an Diaspóra agus ag mealladh cuairteoirí araon.

 

Ba deis foghlamtha é an seimineár seo fosta, dóibh siúd a bhfuil leibhéil éagsúla taithí acu ag soláthar seirbhísí san earnáil seo.

 

Bhí achan duine a bhí i láthair ar aon fhocal go bhfuil an turasóireacht i nDún na nGall ar tí bogadh chun tosaigh go dtí leibhéal eile in 2017, ag éirí as neart dea-phoiblíochta ar na mallaibh, mar shampla, gur roghnaíodh Dún na nGall mar an áit is cúláilte ar an phlainéad le cuairt a thabhairt uirthi i mbliana, chomh maith le haitheantas mar ‘sheoid cheilte na hÉireann’, gan ach dhá cheann de na gradaim atá bronnta ar an chontae le tamall anuas a lua.

 

Bhí teachtaireacht láidir ag teacht amach go soiléir uatha siúd a bhí i láthair go bhfuil Dún na nGall ar oscailt fá choinne gnó, agus ullamh le fáilte a chur roimh an chéad scaifte daoine eile, idir lucht taistil, cuairteoirí, taiscéalaithe, cairde, gaolta, lucht gnó agus teaghlaigh. Gheobhaidh siad blaiseadh den fháilte mhór cháiliúil i nDún na nGall nach bhfuil a sárú le fáil.  

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO