Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Seirbhís úr irisí

Seirbhís úr trína dtig leat rogha irisí a léamh ar líne ar aon ghléas

Tá seirbhís úr irisí idirlín, saor in aisce, seolta ag Seirbhís Leabharlainn Chomhairle Contae Dhún na nGall, ar a bhfuil rud éigin le haghaidh gach duine.

Ligeann an tseirbhís irisí ar líne duit an rud is mian leat a léamh ar aon ghléas, agus tá neart irisí ar fáil ó irisí mionscéalta faoi dhaoine mór le rá ar nós OK go dtí an nuacht chrua dhomhain in The Economist.

Tairgíonn an tseirbhís irisí idirlín, Zinio do Leabharlanna, na heagráin is déanaí ó 30 iris lándaite, le teicneolaíocht dhigiteach idirghníomhach atá furasta a úsáid ar do ghuthán cliste, ar do thaibléad nó ríomhaire glúine agus níl teorainn ar bith leis an líon eagrán a thig leat a íoslódáil. Is féidir foilseacháin a léamh gan stró ar aon ghléas soghluaiste agus ríomhaire pearsanta, rud a chiallaíonn do dtig le lucht a úsáidte brabhsáil sa bhaile nó nuair a bhíonn siad ag taisteal.

Más ball reatha thú den leabharlann, níl le déanamh agat ach dul chuig Acmhainní Idirlín ag www.donegallibrary.ie agus treoracha Zinio a leanúint. Nó thig leat dul i dteagmháil le do leabharlann áitiúil, nó bualadh isteach inti, fá choinne tuilleadh eolais.

Tá an tseirbhís ar fáil saor in aisce anois do gach ball leabharlainne le Zinio do Leabharlanna, an seastán nuachtán is mó sa domhan.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO