Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Socruithe Orphelia

Stoirm Ophelia - Ráiteas ó Chomhairle Contae Dhún na nGall

 

Tá socruithe Bainistiú Géarchéime bunaithe ag Comhairle Contae Dhún na nGall sa phríomh-oifig i Leifear, le bainistiú agus monatóireacht a dhéanamh ar an fhreagairt áitiúil do Stoirm Ophelia, bunaithe ar an chomhairle is déanaí ón Stiúrthóireacht Náisiúnta um Bainistiú Dóiteáin agus Éigeandála.  

 

Tá an Chomhairle ag iarraidh ar gach ball den phobal cloí leis an chomhairle gan aon taisteal neamhriachtanach a dhéanamh, fanacht laistigh faoi dhíon agus glacadh leis an chomhairle ó na meáin áitiúla agus náisiúnta.   Tá an nuacht is déanaí ar fáil ar leathanaigh meán sóisialta na Comhairle.

 

Druidfidh an Chomhairle a cuid oifigí, ó thaobh seirbhísí neamhriachtanacha de, ó 12.45pm inniu.

 

De bharr nádúr na stoirmeacha agus na gcontúirtí is dócha a bheas ann, beidh an Chomhairle ag cur meithleacha oibre ar fáil nuair is sábháilte sin a dhéanamh, san áit óna dtagann iarratais ar chuidiú.   

 

Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Chomhairle ar na huimhreacha seo a leanas.

 

  • 074 9153900 go dtí 5pm, agus

 

  • 074 9172288 i ndiaidh 5pm

 

Ba chóir cásanna éigeandála ina bhfuil beatha duine i mbaol a thuairisciú do na seirbhísí éigeandála ar 999 nó 112.  

 

Beidh baill foirne seirbhísí custaiméara ar fáil ar feadh an tráthnóna.   

 

Is féidir leat coinneáil suas chun dáta fosta trí Chomhairle Contae Dhún na nGall a leanúint ar Facebook nó ar Twitter @donegalCouncil #StormOphelia.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO