Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Soiléiriú ar Chártaí Glasa

Soiléiriú ar an ghá le Cártaí Glasa - Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt

An Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt – Soiléiriú ar an ghá le Cártaí Glasa

Is cáipéisí iad na Cártaí Glasa a bhíonn mar fhianaise ar árachas gluaisteáin nuair a bhíonn duine ag taisteal go hidirnáisiúnta. Sa chás gur Breatimeacht gan mhargadh a bheidh ann, ní bheidh an RA, lena n-áirítear Tuaisceart Éireann, páirteach a thuilleadh sa Treoir Mhótarárachais. Ciallaíonn sé seo go mbeidh Cárta Glas de dhíth lena thaispeáint do na húdaráis i dTuaisceart Éireann agus sa chuid eile den RA go bhfuil cumhdach cuí mótarárachais againn.

 

Chomhairligh Biúró Árachóirí Mótar na hÉireann (MIBI) go mbeidh ar dhaoine Cártaí Glasa a thabhairt leo i bhfeithiclí le cláruimhir Éireannach agus iad ag taisteal tríd an RA, Tuaisceart Éireann san áireamh.  Is é an MIBI an foras atá freagrach as córas na gCártaí Glasa in Éirinn.

 

Thug árachóirí agus bróicéirí árachais le fios go bhfuil siad ag tosú a dháileadh Cártaí Glasa ar shealbhóirí polasaí ó mhí Mhárta 2019 agus tá siad ag iarraidh ar dhuine ar bith a chaithfeas tiomáint sna Sé Contae nó i gcodanna eile den RA sna laethanta go díreach i ndiaidh an Bhreatimeachta a dhul i dteagmháil lena gcuid comhlachtaí árachais nó lena mbróicéirí árachais.  Chuir MIBI in iúl gur seoladh milliún Cárta Glas anois chuig comhlachtaí árachais agus chuig bróicéirí árachais.

 

   

Dúirt an tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, Shane de Rosa, “Ní rud é seo is mian leis an Rialtas a dhéanamh, ach is iarmhairt eile é ar chinneadh a rinne muintir an RA.  Mar chuid dá phleanáil theagmhasach, thóg an Rialtas an cheist seo go díreach le Coimisiún na hEorpa a iarraidh go n-aontódh siad ar dháta nuair nár ghá cártaí glasa a thuilleadh faoi mar is indéanta de réir Threoir Mhótarárachais an AE. Níor aontaigh an Coimisiún ar dháta go dtí seo agus tá an Rialtas ag leanúint air ag tógáil na ceiste leo.”

 

Lean an tAire de Rosa air á rá gur sampla é an t-ullmhúchán ag MIBI agus ag lucht árachais den ‘réamhphleanáil straitéiseach chríonna’ a theastaíonn le hulllmhú sa chás go mbeidh Breatimeacht gan margadh ann.

 

D’iarr an Roinn, agus leanann sí uirthi a iarraidh, go socróidh Coimisiún an hEorpa dáta nuair nach mbeidh gá feasta le cártaí glasa.  

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO