Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Suíomh úr ag Oifig na Scannán

Suíomh úr idirlín ag Oifig Scannán Dhún na nGall

Suíomh idirlín úr de chuid Oifig Scannán Dhún na nGall le seoladh ag an aisteoir Conallach Seán McGinley

 

Beidh an t-aisteoir Seán McGinley, a rugadh i nDún na nGall, ag pilleadh abhaile Dé hAoine leis an suíomh idirlín úr atá ag Oifig Scannán Dhún na nGall  a sheoladh i bPáirc Náisiúnta Ghleann Bheatha, páirc ina bhfuil radharcra den chéad scoth le fáil.

 

Tá clú ar McGinley mar gheall ar a róil siúd i scannáin agus i ndrámaí ar nós The Republic of Doyle, Braveheart, The Butcher Boy agus The Wind That Shakes the Barley.

 

Beidh an suíomh idirlín úr seo ag Oifig Scannán Dhún na nGall ar an phríomhphointe teagmhála agus eolais le Dún na nGall a chur chun cinn mar cheann scríbe den chéad scoth le haghaidh lucht déanta scannán go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.  Is oifig de chuid Chomhairle Contae Dhún na nGall í Oifig na Scannán, atá ag feidhmiú ón bhliain 2003 agus a oibríonn i gcomhpháirt le seirbhísí áite ag Bord Scannán na Éireann agus tá sí mar pháirt de líonra d'oifigí réigiúnacha ar fud na tíre.

 

Míníonn Aideen Doherty, Bainisteoir Oifig Scannán Dhún na nGall go bhfuil "an suíomh idirlín curtha le chéile chun an contae a phróifíliú agus a chur chun cinn in earnáil na scannán agus na meán.  Tá eolas ar an suíomh faoin oifig agus faoi na hacmhainní a chuireann sí ar fáil chun tacú le lucht déanta scannán nuair a thagann siad go dtí an contae. Tá mionsonraí ann faoi chúrsaí áitiúla sna scannáin agus sna meáin atá ar fáil in ITLC, agus cuireann sí íomhánna ar fáil de roinnt ionad agus áiteanna ar fud an chontae ar nós tránna, lochanna, séadchomharthaí stairiúla, sléibhte, caisleáin agus tithe agus araile.  Tá rannóg acmhainní léiriúcháin ag an oifig chomh maith agus déanfar sin a fhorbairt nuair a sheolfar í".

 

Agus ar sise fosta "tá an suíomh idirlín dírithe ar chomhlachtaí scannán agus meán agus tá súil againn go mbeidh an suíomh ar an chéad áit a rachaidh bainisteoirí áite agus suim acu eolas a fháil ar Dhún na nGall. Tá sé furasta a úsáid agus tá an oifig ar oscailt le treoir agus tacaíocht a chur ar fáil nuair is gá."

 

Meastar gur fiú breis agus €550 milliún é an tionscal scannán in Éirinn, agus go bhfuil breis agus 6,000 duine fostaithe ann.

 

Deir Naoise Barry ó Bhord Scannán na hÉireann go bhfuil 'fás as cuimse tagtha ar an tionscal scannán in Éirinn le deich mbliana anuas agus go bhfuil sé ag dul ó neart go neart.  Tá feabhas mór tagtha ar iomaíochas na hÉireann mar ionad scannánaíochta ar na mallaibh de bharr feabhsúcháin i dtaca le dreasachtaí cánach in Éirinn faoi Alt 481 le haghaidh scannáin agus cláracha teilifíse a léiriú.    B'éacht mhór a bhí ann Star Wars a mhealladh go Sceilg Mhichíl sa samhradh agus tá muid anois mar ionad ag cuid de na cláracha teilifíse is mó ar nós na Tudors, Vikings agus Penny Dreadful.  Nuair a thagann na cláracha seo go hÉirinn, fostaíonn siad daoine tallannacha agus criúanna ón cheantar áitiúil, agus déanann siad maitheas mhór don gheilleagar áitiúil".

 

Agus ar seisean fosta "Tá lúcháir orm go bhfuil suíomh idirlín úr á sheoladh ag Oifig Scannán Dhún na nGall, suíomh a chuirfidh ar taispeáint na rudaí iontacha ar fad atá le tairiscint ag Dún na nGall.  Tá muid ag obair go dlúth le hOifig Scannán Dhún na nGall le roinnt blianta anuas agus d'éirigh linn scannáin a mhealladh, ar nós Grabbers, Shine of Rainbows, Dead Long Enogh agus Wakewood, agus beidh an suíomh idirlín úr seo ina acmhainn bhreise dúinn féin agus d'Oifig Scannán Dhún na nGall chun leanúint orainn ag cur Dún na nGall chun cinn mar cheann scríbe scannaíochta den chéad scoth in Éirinn".

 

www.donegalfilmoffice.ie

 

#DonegalFilmOffice

 

CRÍOCH

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO