Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Taispeántas ar an Uileloscadh

An tAlpadh - Taispeántas ar an Uileloscadh i Músaem Chontae Dhún na nGall.

The devouring

Ceann de na grianghraif  thochtmhara ón taispeántas ‘An tAlpadh’ atá ar siúl faoi láthair i Músaem Chontae Dhún na nGall.

 

Chun comóradh a dhéanamh ar Mhí Chuimhneacháin an Uileloiscthe tá taispeántas tochtmhar scanrúil dar teideal ‘An tAlpadh’ ar siúl i Músaem Chontae Dhún na nGall, An Bóthar Ard, Leitir Ceanainn, ina bhfuil eolas faoi bhreis agus 30 páiste a maraíodh le linn an Uileloiscthe.

 

Is é an tUileloscadh an téarma a úsáidtear le cur síos ar dhúnmharú thart ar 6 mhilliún Giúdach ag réimeas na Naitsithe le linn an Dara Cogadh Domhanda.  Is féidir leis an téarma tagairt a dhéanamh do dhúnmharú eagraithe i gcásanna eile chomh mhaith, ar nós na Romach, daoine faoi mhíchumas, Cimí Cogaidh agus saoránaigh an Aontais Shóivéidigh, saoránaigh de chuid na Polainne, homaighnéasaigh, sagairt, sóisialaithe, cumannaithe agus ceardchumannaithe, Máisiúin agus Finnéithe Iehova.  Is é an téarma a úsáideann na Romaigh le cur síos ar an chinedhíothú seo ná Porrajmos, a chiallaíonn ‘alpadh’.  Meastar gur maraíodh breis agus 1.5 milliún páiste le linn an Uileloiscthe.

 

“Is taipeántas iontach tochtmhar é an tAlpadh a thugann léargas dúinn ar chuid de na scéalta a bhain le páistí a maraíodh le linn an Uileloiscthe. Tugtar ainmneacha na bpáistí caillte seo, tugtar chun cuimhne iad, ina measc Suzanne Ledermann, a raibh Anne Frank ina cara is fearr aici. Maraíodh Suzanne in Auschwitz in 1944”.

 

Tá Músaen Chontae Dhún na nGall ag tathant ar chuairteoirí teacht agus chan amháin na grianghraif ach na scéalta faoi na páistí a fheiceáil, scéalta a insíonn dúinn faoi pháistí óga a maraíodh go brúidiúil, agus scéalta nár chóir dearmad a dhéanamh orthu choíche.  Is taispeántas é An tAlpadh a rachaidh go croí ionat, ach is rud é a chaithfidh tú a fheiceáil. Beidh an taispeántas ar siúl go dtí An Satharn 9 Feabhra.

 

Tá Lá Cuimhneacháin an Uileloiscthe ar siúl ar an 27 Eanáir. Tá an taispeántas sealadach seo ar iasacht ó, agus faoi chúram ag, Seirbhís Oidhreachta agus Músaem Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin.  Úsáideann an taispeántas íomhánna ó Mhúsaem Cuimhneacháin Uileloiscthe na Stát Aontaithe.

 

Tá cead isteach saor in aisce agus beidh fáilte roimh achan duine. Gabh i dteagmháil leis an Mhúsaem chun cuairt a shocrú le haghaidh grúpaí nó ranganna.

 

Músaem Chontae Dhún na nGall, An Bóthar Ard, Leitir Ceanainn, Contae Dhún na nGall.

T 074 9124613 E [email protected]

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO