Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Taispeántas Gnó agus Aonach Trádála

Taispeántas Gnó agus Aonach Trádála

 

Taispeántas Gnó agus Aonach Trádála á reáchtáil ag an Oifig Fiontair Áitiúil

 

 Doing Business in Donegal 379 x 269

Michael Tunney, Ceannasaí Fiontair Áitiúil, Seamus Neely, Príomh-Fheidhmeannach, Comhairle Contae Dhún na nGall agus Anthony Mc Glynn, Mc Glynn Graphics ag an taispeántas 'Gnó i nDún na nGall' anuraidh.

 

 

Beidh os cionn 70 gnólacht áitiúil ag cur a gcuid earraí agus seirbhísí ar taispeáint in Óstán an Mount Errigal, Leitir Ceanainn ag an dara bhliain den Taispeántas Gnó, ócaid atá saor in aisce. 

 

Is é atá san ócáid seo an dara ceann de chuid 'Gnó i nDún na nGall' atá á reáchtáil ag Oifig Fiontair Áitiúil Dhún na nGall (OFÁ) agus is léir ón réimse leathan seastán trádála atá deimhnithe don lá go mbeidh rud éigin ansin fá choinne gach duine.

 

"Chan amháin go bhfuil an ócáid seo saor in aisce don phobal, ach tá sé saor in aisce do na gnólachtaí chomh maith agus bhí an oiread sin suime ag lucht gnó Dhún na nGall ann go bhfuil liosta feithimh againn de dhaoine atá ag súil go fóill go bhfaighidh siad áit ag an bhomaite dheireanach," arsa Michael Tunney, Ceannasaí Fiontair Áitiúil.

 

"Is minic a bhíonn aontaí sa chontae a dhíríonn go speisialta ar réimse áirithe amháin - ar nós bia, bainseacha, earraí tí nó ceardaíochta - ach beidh gach ceann acu sin, agus níos mó ná sin, ar taispeáint san aon láthair amháin anois. Tá neart gnólachtaí den chéad scoth againn i nDún na nGall atá le réimse leathan seirbhísí a thairiscint faoin aon díon amháin ar fud an lae. Agus de bharr é a bheith saor in aisce tá muid ag súil go dtapóidh daoine an deis chun bualadh isteach."

 

Dar leis an Uas. Tunney, tá na gnólachtaí a bheas ar taispeáint ina sampla maith de na cineálacha fiontar a chuireann beocht sa gheilleagar i nDún na nGall, agus gur deis iontach é seo do bhaill den phobal teacht agus a fheiceáil cad é go díreach atá ar tairiscint ag gnólachtaí atá ceangailte le Dún na nGall.

 

Beidh an ócáid ar oscailt don phobal ó 12 meánlae go dtí 5pm.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO