Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Teachtaireacht Sábháilteachta Bóthair

26/03/20 - Meitheal Sábháilteachta ag moladh do thiománaithe bheith cúramach agus níos mó daoine ag siúl ar bhóithre

Tá Meitheal Sábháilteachta Bóthair Dhún na nGall ag moladh do thiománaithe bheith cúramach agus níos mó daoine ag siúl ar bhóithre

 

Tá Meitheal Sábháilteachta Bóthair Dhún na nGall ag moladh do thiománaithe moilliú síos agus a bheith tuisceanach faoi úsáideoirí eile ar na bóithre, go háirithe coisithe, reathaithe agus rothaithe agus níos mó bóithre ag dul ar na bóithre anois le linn an ama eisceachtúil seo.  Is spás comhroinnte é an bóthar agus mholfaimis do gach duine meas a bheith acu ar chearta na ndaoine eile a bheith ann.

 

Dúirt Brian Ó Domhaill, Oifigeach Sábháilteachta Bóthair: “Tá teaghlaigh agus cuid mhór daoine ag dul amach ag siúl, chomh maith le rothaithe agus reathaithe ag úsáid na mbóithre, mar sin de tá muid ag impí ar thiománaithe, is cuma cén cineál feithicle, i mbailte mór agus i gceantracha tuaithe, a bheith airdeallach faoi na daoine seo ar na bóithre.  Ba chóir do choisithe, rothaithe agus reathaithe a bheith airdeallach fosta faoin ghá atá le héadaí feiceálacha a chaitheamh agus, más féidir, a bheith ag siúl in áiteanna ina bhfuil soilse.  Is gá do gach duine idir shiúlóirí, rothaithe agus reathaithe fanacht ar a laghad 2 mhéadar siar ó dhaoine eile.  Caithfidh muid aire a thabhairt dár meabhairshláinte, chomh maith lenár sláinte cholainne, ach is den riachtanas dúinn achar fisiciúil 2 mhéadar a choinneáil ar mhaithe le sábháilteacht.  D’iarrfaimis ar gach duine fosta meas a bheith acu ar spás daoine eile agus dul isteach i líne shingil nuair a chastar siúlóirí nó reathaithe eile oraibh le nach mbeidh orthu dul amach os comhair tráchta a d’fhéadfadh bheith chucu.  Is é an rud is tábhachtaí atá le déanamh againn uilig le linn na géarchéime seo anois ná gach duine a choinneail sábháilte agus sláintiúil agus is é an rud is freagraí a thig linn a dhéanamh ná súil a choinneáil amach dá chéile.  Ar scáth a chéile a mhaireann muid. Coinnígí slán”.

 

Le linn na géarchéime seo, táthar ag dréim go dtiocfaidh an tSeirbhís Sláinte faoi an-bhrú ar fad agus bheadh sé ina chuidiú mór acu mura mbeadh orthu bheith ag plé le gortuithe a d’fhéadfaí a sheachaint.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO