Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Tinte Cnámh i gcoinne an Dlí

Tinte Cnámh i gcoinne an Dlí

Tá tinte cnámh i gcoinne an dlí agus thig leo dochar mór a dhéanamh

 

Bíonn neart spraoi ann Oíche Shamhna, go háirithe don aos óg, agus cé gur mhaith linn go mbeadh am ar dóigh ag gach duine tá an t-am den bhliain ann nuair a iarraimid ar an phobal a chuimhneamh go bhfuil tinte cnámh i gcoinne an dlí agus gur féidir leo dochar mór a dhéanamh dár dtimpeallacht agus dár sláinte.

 

Tá tinte cnámh i gcoinne an dlí, agus is minic a thógtar tinte cnámh cóngarach do thithe agus do shealúchais eile agus is féidir leo dochar mór a dhéanamh, agus daoine a ghortú, go háirithe nuair a bhíonn ábhar iontach ard-indóite á dhó iontu. 

 

Agus Oíche Shamhna ag teannadh linn, iarrann Comhairle Contae Dhún na nGall ar an phobal áitiúil gan ábhar a chur ar fáil fá choinne tinte.   Deir Suzanne Bogan, Oifigeach Feasachta Timpeallachta leis an Chomhairle 'gur coir é ábhar dramhaíola a thabhairt dóibh siúd atá á bhailiú fá choinne oíche na dtinte cnámh agus go bhfuil sé mídhleathach dramhaíl nó bruscar a thabhairt do dhuine nach bhfuil ceadúnas bailithe dramhaíola aige'. 

 

Agus ar sise 'Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag déanamh monatóireachta san am i láthair ar an líon áiteanna inar cuireadh ábhar tinte cnámh ar fáil le roinnt blianta anuas agus tá muid ag déanamh iniúchadh ar roinnt gnólachtaí lena chinntiú go gcloífear leis an reachtaíocht ábhartha agus lena chinntiú nach gcuirfear ábhar dramhaíola ar fáil le dó ar thinte cnámh'.

 

Má tá eolas agat faoin aon áit ina bhfuil ábhar á stóráil le haghaidh oíche na dtinte cnámh, déan teagmháil le Comhairle Contae Dhún na nGall ar 074 9153900 nó cuir scéala chugainn ar www.donegalcoco.ie.

 

Tá tinte cnámh docharach chan amháin don timpeallacht ach do shláinte an duine. Cé gurbh iondúil adhmad agus cochán a úsáid ar thinte cnámh san am atá thart, ar na saolta seo dóitear boinn, tochtanna, troscán, plaistigh, miotal srl ar thinte cnámh. Ní hamháin go bhfuil an dó bruscair docharach don timpeallacht ach tá sé docharach don tsláinte fosta. Nuair a dhóitear ábhar dramhaíola ar thine chnámh cruthaítear dé-ocsainí docharacha agus scaoiltear iad isteach san aer a bhíonn á análú againn.

 

Tá tinte ealaíne i gcoinne an dlí in Éirinn

Tá sé i gcoinne an dlí tinte ealaíne a bheith i do sheilbh agat in Éirinn, arbh fhéidir a bheith ceannaithe go dleathach lasmuigh den tír.  D'fhéadfadh sé nach bhfuil tinte ealaíne mídhleathacha déanta go dtí na caighdeáin chuí sábháilteachta agus d'fhéadfadh siad lasadh nó pléascadh gan choinne agus an t-úsáideoir nó duine eile sa chóngar a ghortú go holc, go háirithe páistí.

 

Iarrtar ar bhaill den phobal gan tinte ealaíne a cheannach, a úsáid nó a sholáthar agus iarrtar ar thuismitheoirí súil a choinneáil ar a gcuid páistí agus a chinntiú nach mbíonn siad ag súgradh le tinte ealaíne, pléascóga san áireamh.  Gach bliain, gortaítear páistí go tragóideach agus is minic a fhágtar le coilm iad don chuid eile dá saol i ndiaidh dóibh tinte ealaíne mídhleathacha a láimhseáil.

 

An dóigh le bheith sábháilte Oíche Shamhna:

Níor chóir do thuismitheoirí, gnólachtaí ná sealbhóirí tí aon ábhar a chur ar fáil fá choinne tinte cnámh.Ná fág ábhar ina luí thart a d'fhéadfadh duine a thógáil le húsáid i dtine chnámh; tá go leor ábhar a gheofaí i ngaráiste nó i mbothán gairdín iontach contúirteach má lastar iad, mar shampla peitreal, bánbhiotáillí, díosal, aerasóil, cadhnraí, cannaí péinte, buidéil agus boinn.Ná cuidigh le tinte cnámh mídhleathacha nó le taispeántais tinte ealaíne thart fá do theach féin nó cóngarach dó.Mínigh na contúirtí a bhaineann le tinte cnámh mídhleathacha agus le tinte ealaíne agus tú ag caint le páistí agus déagóirí.Coinnigh peataí taobh istigh Oíche Shamhna - cuireann callán agus tormán isteach orthu.Bíodh meas agat ar na Seirbhísí Éigeandála, Baill Foirne na Comhairle agus na Gardaí.Déan teagmháil leis an tSeirbhís Dóiteáin trí scairt a chur ar 999 nó 112 má tchíonn tú tine chnámh á lasadh cóngarach d'fhoirgnimh, crainn, cábla lastuas, seirbhísí faoin talamh nó carrchlósanna.

 

CRÍOCH

 

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO