Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Tiománaí ar ghuthán - Tiománaí ar seachrán

Tiománaí ar ghuthán – tiománaí ar seachrán

Distracted driving puts everyone at risk

 

 

Tá an tiomáint ar cheann de na gníomhartha is contúirtí a dhéanaimid ó lá go lá. Tá na gutháin phóca iontach tábhachtach dúinn uilig anois, agus is féidir leo beatha duine a shábháil in am na héigeandála. Ach nuair a bhíonn tú ar chúl roth stiúrtha i gcarr nó i leoraí, d’fhéadfadh siad bás duine a thabhairt.  

 

Tarlaíonn timpistí bóthair de bharr aird tiománaí a bheith ar rudaí eile, agus is sampla maith den neamh-aird sin an guthán póca a bheith á úsáid ag duine agus iad ag tiomáin. 

 

Ar an mheán, beirtear ar 76 duine gach lá agus iad ag úsáid guthán póca agus ag tiomáint, ach tá cuid mhór tiománaithe eile amuigh ansin nach mbeirtear orthu agus bíonn siad ag tiomáint go neamh-airdeallach, rud a chuireann gach úsáideoir bóthair i mbaol. 

 

“Nuair a úsáideann tiománaí guthán póca agus iad ag tiománaí, is mó i bhfad an baol atá ann go mbeidh siad i ndrochthimpiste, a bhféadfadh drochghortú nó bás a bheith mar thoradh air” arsa Brian Ó Domhnaill, An tOifigeach Sábháilteachta Bóthair le Comhairle Contae Dhún na nGall. “Caithfidh muid leanúint orainn ag cur ina luí ar an phobal nach bhfuil glacadh leis an iompar seo. Chan amháin go gcuireann sé do bheatha féin i mbaol, ach beatha daoine eile chomh maith’.  

 

D’fhéadfadh an tiomáint neamh-airdeallach a bheith freagrach as idir 20-30% timpistí in Éirinn. Ciallaíonn sé seo go bhféadfadh an tiomáint neamh-airdeallach a bheith freagrach, ar dhóigh nó ar dhóigh eile, as 1,400 timpiste gach bliain ina mbíonn gortú nó bás i gceist. Fuarthas chóir a bheith 28,000 agus an guthán ina láimh acu agus iad ag tiomáint in 2016, agus ar an mheán beirtear ar 76 duine sa lá agus an guthán in úsáid acu agus iad ag tiomáint.    

 

 

Distracted driving puts everyone at risk

 

 

76 duine sa lá agus an guthán in úsáid acu agus iad ag tiomáint.    

 

“Tiománaithe a shíleann gur féidir leo tiomáint agus guthán póca a úsáid tá siad ag iarraidh dallamullóg a chur orthu féin. Nuair a bhítear neamh-airdeallach, cailltear tuiscint don chontúirt, méadaítear an t-am atá de dhíth le gníomhú go héifeachtach in uair na práinne. Tá sé cosúil leis an tiomáint faoi thionchar an óil, is mó seans go dtarlóidh timpiste do dhuine’.

 

Creideann Brian Ó Domhaill go bhfuil páirt le himirt ag achan duine le tathant ar a mbaill teaghlaigh agus ar a gcairde gan a gcuid guthán póca a úsáid nuair a bhíonn siad ag tiomáint. ‘Tá sé chomh doghlactha leis an ól agus tiomáint’ ar seisean. 

 

“Níl aon scairt, nó aon ríomhphost, chomh tábhachtach sin go mbeadh sé inghlactha do bheatha féin, nó beatha daoine eile, a chur i mbaol.”

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO