Tá maoir bhruscair na Comhairle Contae ag moladh dea-obair an phobail sa streachailt i gcoinne bruscair. Luaigh An Maor Bruscair Brian McBrearty na hoibreacha glantacháin a rinneadh ar na mallaibh fá Loch an Troisc lasmuigh de Bhealach Féich, agus ag Dún na Lúb taobh le Caisleán na Finne
Dúirt sé go bhfuair an Chomhairle scairt faoi bhruscar a bheith caite ar bhóthar atá cóngarach don tsiúlóid álainn thart ar Loch an Troisc, agus go raibh siad breá sásta dul amach chun cuidiú lena ghlanadh. Dúirt sé go bhféadfaí suas le 90% den bhruscar a tógadh a athchúrsáil, cannaí agus buidéil mar shampla, agus go raibh an dumpáil mhídhleathach ag cur isteach ar an cheantar. Úsáideann siúlóirí an ceantar seo go han-mhinic, ar seisean.
Dúirt sé chomh maith go raibh cuid mhór boinn tarracóra ann, thart fá 40 san iomlán. Tá costas mór ann le fáil réitithe de bhoinn tarracóra, tuairim is €10-€15 an bonn, agus is airgead poiblí atá i gceist sa chás seo. Beidh an Chomhairle ag coinneáil súil ar an áit trí cheamaraí digiteacha uaidh seo amach, a d'fhógair sé.
'An mó daoine a chuidionn linn is amhlaidh is fearr' ar seisean chomh maith. 'Tá muid buíoch as an phobal muid a chur ar an eolas faoin dumpa seo, agus tá sin ina chuidiú mór againn'.
Is i gCnoc Fearna taobh le Dún na Lúb a thángthas ar an dumpa mídhleathach is deireanaí sa chontae (13 Márta). Arís eile is ball den phobal a chuir an scéala chuig Brian agus a chuid fear.
I measc na rudaí a bhí sa dumpa seo bhí páipéar, plaisteach, cairtchlár, miotal, troscán briste agus bruscar bia. Scrúdófar na rudaí seo le feiceáil an bhfuil aon fhianaise ann a chuideodh leis an Chomhairle teacht ar na daoine atá i ndiaidh dumpáil go mídhleathach. Coinneofar súil ar an cheantar seo sna míonna amach romhainn chomh maith, a d'fhógair Brian.
Luaigh sé chomh maith go bhfuarthas scéala go bhfuil dumpáil ar siúl ar an bhóthar idir Droim Caoin agus Leitir Ceanainn cóngarach do choill Chorr an Mhadaidh, agus go bhfuil fiosrúcháin ar siúl fá dtaobh de.
Agus i gceantar eile atá cóngarach dó, i gCill Ros lasmuigh de Shrath an Urláir, chuir sé in iúl go raibh orthu deileáil le roinnt mílte buidéil fholmha fíona agus beorach a fágadh thíos i gcabhsa tuaithe. 'B'fhusa don duine a rinne seo dul go dtí an banc buidéil i gConmhaigh' ar seisean, 'bhí cuid mhór oibre le déanamh lena ghlanadh suas, agus tá muid iontach buíoch don úinéir talún as an chuidiú mhór a thug sé dúinn'.
'Más féidir linn é a ghlanadh, déanfaidh muid é. Más mian le pobal ar bith, nó le baicle siúlóirí, rud éigin a dhéanamh bheadh fearadh na fáilte roimh aon chuidiú atá siad in ann a thabhairt. Thig leis an phobal tionchar a imirt' arsa an Maor Bruscair.
CRÍOCH