Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Togra Spásúil an Iarthuaiscirt

Togra Spásúil an Iarthuaiscirt

 SPACEial NW Award Photo

Bn. Uas. Catherine Mc Laughlin, Oifigeach Pleanála agus Taighde, Foireann Spásúil an Iarthuaiscirt, An tUas. Bruce McCormack, Uachtarán ar IRLOGI na hÉireann, Bn. Uas. Rosita Mahony, Oifigeach CFG agus Taighde, Foireann Spásúil an Iarthuaisirt, , Bn. Uas. Loretta Mc Nicholas, Bainisteoir an Togra, Foireann Spásúil an Iarthuaiscirt, An tUas. Dara Keogh, Príomh-Fheidhmeannach ar GeoDirectory.

 

 

Tá duais an dara háit le haghaidh 'An Aip Faisnéise Geografaí is Fearr sa tSeirbhís Phoiblí' bronnta ag Eagraíocht na hÉireann um Faisnéis Gheografach (EÉFG) ar shuíomh idirlín Thogra Spásúil an Iarthuaiscirt www.spaceialnw.eu.

 

Is é an tAonad Taighde agus Beartais i gComhairle Contae Dhún na nGall a d'fhorbair an suíomh agus tá sé tiomanta chun eolas úsáideach geografach a chur ar fáil trí shraith de 'Léarscáileanna, Staitisticí agus Aipeanna'. 

 

Agus í ag caint faoin suíomh idirlín, mhínigh Loretta McNicholas, Bainisteoir ar an Aonad Taighde agus Beartais 'go ligeann an suíomh seo d'áisíneachtaí stáit, údaráis áitiúla, pleanálaithe, fiontraithe, turasóirí, baill den phobail srl amharc ar eolas ábhartha i dtaca le háiteanna éagsúla ar fud Dhún na nGall agus réigiún iomlán an Iarthuaiscirt, agus an t-eolas sin a scagadh agus eolas ábhartha a bhaint amach as'. 

 

Agus ar sise chomh maith 'cuidíonn suíomh Thogra Spásúil an Iarthuaiscirt leat gach cineál cinnidh a dhéanamh, mar shampla, cá háit ar chóir gnólacht a thoiseacht, cá háit sa chontae ar chóir cuairt a thabhairt, cá háit ar chóir seirbhísí a dhíriú, cá háit ar chóir infheistíocht a dhéanamh sa bhonneagar, cá háit a bhfuil scoileanna úra de dhíth agus araile'.

 

Agus í ag caint faoi na gradaim, labhair Rosita Mahony, Comhordaitheoir CFG agus Taighde don togra faoi conas a aithníonn gradaim EÉFG an chruthaitheacht, an tiomantas agus an obair chrua in úsáid na teicneolaíochta CFG agus measadh gur éirigh le hAip Spásúil an Iarthuaiscirt gach ceann de na critéir seo a chomhlíonadh. Lena chois sin, luaigh na moltóirí an dóigh a dtug Togra Spásúil an Iarthuaiscirt eolas geografach go dtí lucht féachana níos leithne ar fud an réigiúin.

 

Ghabh Loretta Mc Nicholas buíochas leis an fhoireann iomlán ar an togra - Rosita Mahony, Catherine Mc Laughlin, Mary Mc Bride agus Marie Kerr - as a gcuid oibre crua agus a gcuid iarrachtaí leis an togra seo a sheachadadh. Agus ar sise 'ní hamháin go raibh sprioc-amanna agus spriocanna oibre iontach dian ann, ach bhí muid tiomanta chun aip a chur ar fáil a chuirfeadh eolas níos fearr ar fáil le haghaidh seachadadh seirbhísí taobh istigh den chontae agus den réigiún do na blianta fada amach romhainn'.   Ghabh sí buíochas chomh maith le Coiste Stiúrtha Thogra Spásúil an Iarthuaiscirt, Enhance.ie, ESRI na hÉireann agus Rannóg Córas Faisnéise Chomhairle Contae Dhún na nGall.

 

Tá suíomh Thogra Spásúil an Iarthuaiscirt á bhainistiú ag an Aonad Taighde agus Beartais, Comhairle Contae Dhún na nGall san am i láthair.  Fuarthas maoiniú don togra trí INTERREG IVA, arna chur chun cinn trí Ghrúpa Trasteorann Réigiún an Iarthuaiscirt, agus arna fhorbairt i gcomhpháirt le Comhairle Contae Dhún na nGall (comhairle i gceannas), Comhairle Ceantair an tSratha Báin, Comhairle Cathrach Dhoire, Comhairle Buirge Mhachaire Fíolta, Comhairle Buirge Léim an Mhadaidh.

 

CRÍOCH

 

 

Nóta:

 

Is scáth-eagraíocht í Eagraíocht na hÉireann um Faisnéis Gheografach (EÉFG) le haghaidh thionscal na faisnéise geografaí in Éirinn agus ball de EUROGI - scáth-eagraíocht na hEorpa le haghaidh faisnéis gheografach. Is é an misean atá aige na fobairt agus úsáid éifeachtach na Faisnéise Geografaí a spreagadh in Éirinn. Is é an EÉFG a reáchtálann Gradaim Spáis agus Áite gach bliain, atá oscailte do gach eagraíocht agus do gach duine aonair a d'oibrigh sa réime nó ar thograí a bhaineann le Faisnéis Gheografach.

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO