Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Toscaireacht Tráchtála go Massachusetts

Toscaireacht Tráchtála go Massachusetts

 

Ag ullmhú don Toscaireacht Trádála go Boston Massachusetts ón Iar-Thuaisceart

Beidh ceannairí sibhialta, gnólachtaí agus oifigigh ón Iar-Thuaisceart ag imeacht ar an toscaireacht is mó riamh go Boston, Massachusetts níos moille an mhí seo. Beidh 17 gcomhlacht ón Iar-Thuaisceart, faoi cheannas Chathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, An Clr Terence Slowey agus Méara Dhoire, An Clr Hilary McClintock, rannpháirteach sa chuairt trádála seo d'fhonn gnóthaí a leathnú amach i margadh na SA. Beidh seachtain d'imeachtaí agus de chruinnithe i gceist leis an chuairt, agus déanfar freastal ar chomhdháil Golden Bridges mar bhuaic na cuairte ar an 18ú Samhain. Chomh maith leis an dá Chomhairle, beidh eagraíochtaí ar nós Údarás na Gaeltachta, Invest NI, Fiontar Éireann, Ollscoil Uladh, Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn agus Coláiste Réigiúnach an Iar-Thuaiscirt ann fosta. 'Beidh an chuairt seo ag díriú ar infheistíocht agus ar thráchtáil agus ar oideachas, agus táthar ag tógáil ar an obair a rinneadh le blianta beaga anuas ar nascanna cultúrtha, polaitiúla agus eacnamúla an Iar-Thuaiscirt a fhorbairt le Cathair Boston agus le Bealach Eolais Massachusetts trí chéile" arsa Seamus Neely, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall.Rinneadh fístéip a thaispeánann an réigiún mar scothionad gnó don chuairt seo agus déanfar sin a sheoladh chomh maith le bróisiúr nua le gach gné den réigiún a chur chun tosaigh. "Tá moladh mealltach doshéanta ag an Iar-Thuaiseart do lucht infheistíochta", arsa John Kelpie, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantair an tSrátha Báin. "Tá earnáil láidir éagsúil GBM againn a bhfuil dearcadh domhanda aici agus ciallaíonn an áit a bhfuil muid lonnaithe gur geata muid chuig ceann de na margaí is mó ar domhan. Cuideoidh an t-ábhar bolscaireachta seo linn ár scéal a insint agus le gach rud atá le tairiscint againn a roinnt lenár gcomhpháirtithe i Massachusetts. Is gnólachtaí ilearnála iad na cinn atá páirteach sa chuairt seo, idir gnólachtaí digi-teic., oideachais, agraibhia, déantúsaíochta agus cruthaitheacha. Gnólacht amháin a bheas páirteach is ea John McNamara ó CoLab in IT Leitir Ceanainn. "Tá saineolas againn sa mhargaíocht shoghluaiste, dearbháin soghluaiste agus margaíocht SMS agus is sna margaí easportála atá 65% dár ngnó. Tá sé i gceist againn an chuairt seo ar Boston a úsáid le taighde a dhéanamh faoi mhargadh na SA agus an fhéidearthacht atá ann cuidiú lenár ngnó fás". Bhí gnólachtaí páirteach i gclár dian forbartha faoi choimirce Oifig Fiontraíochta Áitiúla Dhún na nGall agus tugadh tacaíocht dóibh le cuidiú an phitseáil acu a dhéanamh foirfe. Ar thaobh Boston, tá Benchmark Strategies fostaithe ag an dá Chomhairle le sceideal cruinnithe agus imeachtaí a eagrú a dhíreoidh ar an Infheistíocht Dhíreach Eachtrach, ar ghiniúint deiseanna agus ar fhorbairt caidreamh easportála. "Is sampla í an chuairt seo den chomhpháirtíocht láidir, straitéiseach idir Comhairle Contae Dhún na nGall agus Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSrátha Báin. Tá dea-thaithí ag an dá Chomhairle ar bheith ag obair le chéile chun leas réigiún an Iar-Thuaiscirt" arsa Seamus Neely. Tá John Kelpie ar aon intinn leis: "Is réigiún beoga, daingean agus éagsúil muid. Trí bheith ag obair le chéile tá spás cruthaithe againn don earnáil ghnó a fuinneamh nuálaíochta a thaispeáint, a hacmhainn tionscnaimh agus an mian atá aici bheith rathúnach. Tugann an Chomhdháil Golden Bridges ardán iontach maith dúinn aird a dhíriú ar a bhfuil le tairiscint ag an Iar-Thuaisceart, le teagmhálacha a dhéanamh agus le comhchaidrimh a thógáil atá le leas an dá pháirtí."

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO