Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Treoir Dhearaíochta seolta

Treoir Dhearaíochta do Bhéal Átha Seanaidh seolta

 

Ballyshannon Design Guide launch 379x269

Róisín Kelly Pleanálaí Feidhmiúcháin le Comhairle Contae Dhún na nGall ag caint

ag an ócáid nuair a seoladh Treoir Dhearaíochta do Bhéal Átha Seanaidh, in Óstán Dorrian

oíche Dé Máirt seo caite

 

 

Treoir Dhearaíochta do Bhéal Átha Seanaidh seolta

 

 

Sheol an Clr. Michael Naughton, Cathaoirleach ar Cheantar Bardais Dhún na nGall, Treoir Dhearaíochta nua do Bhéal Átha Seanaidh Dé Máirt seo caite (9 Aibreán 2019) in Óstán Dorrian, Béal Átha Seanaidh.  Bhí freastal an-mhaith ar an ócáid ón phobal áitiúil.

 

 

Rinne Comhairle Contae Dhún na nGall an Treoir a choimisiúnú agus fuarthas maoiniú ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail faoin Scéim um Athnuachan Bailte agus Sráidbhailte.  Beidh cuidiú ar fáil sa Treoir do réimse leathan páirtithe leasmhara, idir phríobháideach agus phoiblí, amhail úinéirí talún, úinéirí gnó, grúpaí áitiúla pobail, cleachtóirí teicniúla, eagrais stáit agus údaráis phoiblí.   San áit ar féidir an chomhairle atá sa Treoir seo a chur i bhfeidhm, beidh buntáistí fadtéarmacha ann ó thaobh carachtar an bhaile a chaomhnú.

 

 

Ballyshannon Design Guide launch 2 379x269

 

An Clr. Michael Naughton (an tríú duine ó dheas) Cathaoirleach ar Cheantar Bardais Dhún na nGall

A rinne an Treoir Dhearaíochta do Bhéal Átha Seanaidh a sheoladh in Óstán Dorrian

oíche Dé Máirt seo caite. Sa phictiúr fosta tá, ó chlé: Collette Beattie,

Comhairle Contae Dhún na nGall, Éamonn Ó Baoill, Comhairle Contae Dhún na nGall,

Duncan McLaren, Ailtire Caomhantais - Dedalus Architecture,

Barry Sweeney, An Grúpa Athnuachana do Bhéal Átha Seanaidh agus Róisín Kelly,

Comhairle Contae Dhún na nGall Pictúr: Thomas Gallagher

 

 

Tá cuid mhór seanfhoirgnimh oidhreachta ar marthain i mBéal Átha Seanaidh ó go mall san ochtú haois déag agus go luath sa naoú haois déag, agus 55 struchtúr faoi chosaint le bheith mórtasach astu.  Nuair atá tuiscint againn ar an tábhacht a bhaineann leis an saibhreas foirgníochta seo, spreagfaidh sin, agus treoróidh sé, an athnuachan oidhreacht-bhunaithe ar an bhaile, agus beidh inmharthanacht na bhfoirneamh ag croílár an bhaile san am atá amach romhainn.  Is rud ar leith agus speisialta sa tír í an oidhreacht shaibhir thógtha seo atá ar marthain i mBéal Átha Seanaidh agus d’fhéadfadh sé a bheith mar ‘Phríomh-Ghné Dhíolacháin’ do Bhéal Átha Seanaidh.   Tá léirithe agus cruthaithe ag taighde idirnáisiúnta go bhfuil an-luach leis an oidhreacht sa saol eacnamaíochta agus sóisialta, agus is céim chun tosaigh iontach tábhachtach é an togra seo leis an acmhainn iontach speisialta seo a chaomhnú.

 

 

Agus é ag caint ag an ócáid, is é a dúirt an Clr. Naughton: “tá an Treoir seo mar thoradh ar obair mhór a rinne an Chomhairle agus iad ag obair i gcomhpháirt leis an Ghrúpa um Athnuachan Baile agus Sráidbhaile i mBéal Átha Seanaidh, agus cuideoidh sé le treoir a thabhairt i dtaca le foirgnimh stairiúla a chothabháil, a dheisiú agus a athchóiriú, agus beidh sé ina chuidiú fosta i dtaca le treoir a thabhairt le haghaidh foirgnimh úra agus le bearnaí sa sráid-dreach a líonadh.”

 

 

Tá an Treoir Dhearaíochta do Bhéal Átha Seanaidh ar fáil ag bit.ly/BallyshannonDesignGuide 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO