Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Truailliu Srutháin i mBaile Suingean

Truailliú srutháin i mBaile Suingean

St.Johnston Pollution

 

D'fhreagair Comhairle Contae Dhún na nGall do ghearán ó bhall den phobal fá Bhaile Suingean go mall tráthnóna inné, Dé Máirt 11 Iúil, a dúirt go raibh cuma ar an scéal go raibh sciodar eallaigh sa tsruthán ar a dtugtar Sruthán Bhaile Suingean, agus é ag dul fríd an tsráidbhaile.

Rinne baill foirne na Comhairle, i gcomhpháirt le hOifigigh Iascaigh ó Ghníomhaireacht na Lochanna, scrúdú cuimsitheach sa cheantar agus d'éirigh leo foinse an ábhair thruaillithe a aimsiú, i bhfeirm atá thart fá 8km thuas ar an tsruthán ón tsráidbhaile, áit ar tharla sileadh sciodair an lá roimhe sin.

 

Dheimhnigh oifigigh de chuid Ghníomhaireacht na Lochanna go bhfuarthas líon suntasach éisc óga marbh sa chuid íochtair den tsruthán mar a dtéann sé isteach san Fheabhail.

 

Leanfaidh an Ghníomhaireacht agus an Chomhairle ag obair le chéile le monatóireacht a dhéanamh ar an scéal sna laethanta agus sna seachtainí amach romhainn, agus le dul i mbun gníomhartha forfheidhmiúcháin de réir mar is cuí. 

I bhfianaise na heachtra seo, táthar ag cur ina luí ar fheirmeoirí agus ar chonraitheoirí arís chomh tábhachtach agus atá sé a bheith an-chúramach agus aon ghníomh a sheachaint a d'fhéadfadh sciodar eallaigh nó uisce truaillithe a scaoileadh isteach inár gcuid bealaí uisce, le linn tréimhse iontach gnoitheach dóibh féin, agus scéala a chur chuig an Chomhairle má tharlaíonn aon sileadh de thimpiste, agus chuig Gníomhaireacht na Lochanna nó Iascaigh Intíre Éireann.  

 

Ní féidir le Comhairle Contae Dhún na nGall aon ráiteas eile a rá i láthair na huaire.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO