Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2021 ar aghaidh > Aerfort Dhún na nGall

12-06-21 Aerfort Dhún na nGall

 

Tá díomá ar Chomhairle Contae Dhún na nGall a chluinstin go bhfuil cinneadh déanta ag Stopbart stad den trádáil agus na himpleachtaí a bheas ann don aerbhealach ó Dhún na nGall go Baile Átha Cliath ach go háirithe.


Dúirt Cathaoirleacht na Comhairle, Rena Donaghey: “Tá mo smaointe, ar an chéad dul síos, leis na hoibrithe ag Stobart, a thug seirbhís den scoth don aerlíne agus anois atá á ligint chun bealaigh mar gheall ar an chinneadh seo. Tá Aerfort Dhún na nGall ina phointe rochtana fíorthábhachtach do dhaoine atá ag taisteal ar chúrsaí gnó agus turasóireachta, chomh maith le daoine áitiúil ag dul anonn is anall go Baile Átha Cliath. Bhí an Chomhairle i dteagmháil le bainisteoirí Aerfort Dhún na nGall ar maidin agus is é an tuiscint atá againne go bhfuil obair ar siúl le roghanna a aithint chun aerchomhlacht eile a fháil don aerbhealach go Baile Átha Cliath agus go bhfuil sé seo mar thosaíocht ag an Roinn Iompair agus go mbeidh an tAerfort ag obair go dlúth leo ar an cheist seo sna laethanta amach romhainn. Leanfaidh an Chomhairle ag tabhairt tacaíochta agus ag obair leis an an Aerfort lena chinntiú go gcoinníonn sé a áit mar an t-aerfort chéad rogha do dhaoine ag taisteal go Glaschú chomh maith le Baile Átha Cliath a úsáid mar cheann scríbe, agus trí bheith ag taisteal go dtí áiteanna idirnáisiúnta eile atá á sheirbheáil uaidh sin.’

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO