Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2021 ar aghaidh > Am Teaghlaigh i do Leabharlann 2021

Am Teaghlaigh i do Leabharlann 2021

Family Time at your Library 2021 image

 

Tá lúcháir ar Sheirbhís Leabharlainne Dhún na nGall clár imeachtaí den scoth a fhógairt mar chuid de Am Teaghlaigh i do leabharlann, a bheidh ar siúl ar líne i mí na Nollag.

 

Is cuid den chlár náisiúnta Ceart chun Léitheoireachta é Am Teaghlaigh i do Leabharlann a thacaíonn le cur chuige teaghlach-lárnach i leith léitheoireacht leanaí, agus é mar aidhm aige an léitheoireacht a chur chun cinn mar ghníomhaíocht thaitneamhach áineasa do pháistí, chomh maith le cuid de d'am laethúil le chéile mar theaghlach. Tá súil againn feasacht a mhéadú idir thuismitheoirí agus theaghlaigh ar na seirbhísí agus ar na hacmhainní atá againn do pháistí.

 


Le clár den scoth i mbliana, beidh an seans ag páistí a bheith ag plé le scéalaithe agus cartúnaithe áitiúla agus náisiúnta, an seans fear sneachta as cré a thógáil, páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí ealaíon agus ceardaíochta, agus a gcuid eolais a thástáil le tráth na gceist ar an Nollaig. Chomh maith leis sin, is féidir le teaghlaigh teacht le chéile, gan compord a dtinteán féin a fhágáil, do chóisir phitseámaí na Nollag arna óstáil ag na leabharlannaithe iontacha againn i nDún na nGall. Beidh gach imeacht saor in aisce.

 

Dúirt Donna Cavanagh, Leabharlannaí Feidhmiúcháin Sinsearach “Tá an clár ar líne againn inrochtana do chách agus tá clár spraíúil spreagúil againn a mbainfidh tú féin agus do theaghlach taitneamh as. Agus aíonna speisialta i láthair, is cinnte go gcuideoidh Am Teaghlaigh i do Leabharlann draíocht na leabharlainne a chur sa teach agat féin i mí na Nollag.”

 

Dé Céadaoin 1ú agus Déardaoin 2ú  Beidh fearais fear sneachta cré le bailiú ó Leabharlann Phobail Ghaoth Dobhair agus Leabharlann Phobail na Rosann. Beidh 20 fearas saor in aisce ar fáil againn i ngach leabharlann, mar sin de, déan cinnte go mbeidh tú ann go luath! Leanfaidh físeán treorach a thaispeánfaidh an dóigh le d'fhear sneachta a dhéanamh agus cuirfidh foireann na leabharlainne grianghraif den saothar s'agat ar na meáin shóisialta s'againn.

 


Dé Sathairn 4ú Nollaig bí linn don scéalaí agus don ealaíontóir Wayne O'Connor le haghaidh eachtra idirghníomhach scéalaíochta ar líne ina gcuirfidh na páistí smaointe ar fáil, cuideoidh siad leis an scéal a chumadh agus an clabhsúr féin a chur air! An féidir leo rúndiamhair na réinfhianna a d'imigh as a réiteach? Bí ag dréim le cuid mhór grinn agus spraoi le linn an tseisiúin seo, moltar go láidir áirithint a dhéanamh go luath.

 


Dé Domhnaigh 5ú  Nollaig 6:30pm baileoidh leabharlannaithe ó Lárleabharlann Leitir Ceanainn cuid de na leabhair Nollag is fearr le chéile chun cuidiú leat spiorad na féile a scaipeadh agus seans a thabhairt duit am a chaitheamh le chéile.

 


Ón Luan 6ú & Dé Máirt 7ú buail isteach sa Lárleabharlann agus i Leabharlann Bhaile na nGallóglach le mála Rogha na Féile (Festive Favourites) a bhailiú ina mbeidh rogha leabhar, gníomhaíochtaí, ceardaíochtaí agus earraí Nollag. Beidh siad seo ag brath ar an soláthar, bí gasta nó imeoidh siad go sciobtha.

 


Beidh Tina Mation linn Dé Sathairn 11ú ar 11.00rn le haghaidh seisiún líníochta beo ar Zoom.  Taispeánfaidh Tina dúinn an dóigh lena carachtar “bookworm” a tharraingt agus ansin taispeánfaidh sí cad é mar is féidir an carachtar a bheochan ar chlúdach leabhair.

 


Cuirigí oraibh bhur PJanna agus luígí isteach le chéile leis na bréagáin is fearr libh, tagaigí le chéile agus ligigí bhur scíth ag éisteacht leis na hamhráin Nollag is fearr Dé Luain 20ú ar 7.00pm do chóisir phitseámaí na Nollag bliantúil s'againn.

 


Le haghaidh tuilleadh eolais ar an fhéile agus ar go leor imeachtaí eile,  eolas ar áirithintí agus am na n-imeachtaí san áireamh, tabhair cuairt ar www.donegallibrary.ie nó lean @DonegalCountyLibrary ar Facebook agus @DonegalLibrary ar Twitter. Cuirfear gach imeacht ar fáil ar an leathanach Facebook s'againn agus ar chainéal YouTube de chuid Chomhairle Contae Dhún na nGall.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO