Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2021 ar aghaidh > An Dún ag an Dún Riabhach

11-06-21 AN DÚN ar an Dún Riabhach – Infheistíocht €12.5 milliún le haghaidh Áis thumthach athshamhlaithe Chultúrtha agus Oidhreachta do Chuairteoirí ag an Dún ar an Dún Riabhach, Contae Dhún na nGall.

 

 

 



Tá lúcháir ar Chomhairle Contae Dhún na nGall fáiltiú roimh an fhógra inné ó Catherine Martin, TD, Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán maidir le hinfheistíocht €9,251,000 don Dún ar an Dún Riabhach, Co. Dhún na nGall. Tá an infheistíocht seo á bronnadh faoi Scéim infheistíochta caipitil Fáilte Ireland, mar atá, Ardán le haghaidh Fáis – Clár le haghaidh Infheistíocht Turasóireachta, Ardán 1: Áiseanna Tumthacha Oidhreachta agus Cultúrtha.

 

Tá comh-mhaoiniú de €3.2 milliún geallta ag Comhairle Contae Dhún na nGall chun tacú leis an tionscadal, rud a chiallaíonn go mbeidh luach €12.5 milliún leis an infheistíocht don tionscadal.

 

Is tionscadal turasóireachta é seo a dhéanfaidh athrú ó bhonn ag an Dún ar an Dún Riabhach, agus is í an fhís atá leis eispéireas an chuairteora a athshamhlú ag an Dún mhórthaibhseach seo agus ag an Phointe Sár-Radhairc seo ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin.

 

Dúirt Fáilte Ireland: “Is é tionscadal an Dúin Riabhaigh is mó a léirigh féidearthachtaí chun fostaíocht a mhéadú, cuairteoirí a mhealladh chuig an réigiún agus séasúr na turasóireachta a shíneadh níos faide ná an samhradh. Thug siad le fios go spreagfadh an tionscadal €19.5m i gcaiteachas díreach turasóireachta sna chéad chúig bliana d’oibriú an tionscadail, ag tacú le 550 post sa cheantar agus go gcruthófar 12 phost úr ag an áis í féin”.

 

Dhéanfaidh an tionscadal nasc fisiciúil idir 3 ghné ar leith den Dún ag an Dún Riabhach: Loch Súilí thíos faoin Dún; an Dún Ceann Tíre agus an Dún ‘Gunnaí Arda’; soláthróidh sé tadhallphointí tumthacha oidhreachta agus cultúrtha le slí úr a osclóidh an láthair amach, le pointí féachana via idirghabhálacha nua-aimseartha amhail an tIarnród Cáblach (an t-aon cheann dá chineál in Éirinn) agus suiteálacha léiriúcháin, chomh maith le fobairt a dhéanamh ar Theach Solais an Dúin Riabhaigh.

 

Is é an cuspóir atá ann an struchtúr cosanta seo agus an suíomh a athlonnú chun ligint do chuairteoirí stair na háite a shamhlú agus sult a bhaint as a áilleacht ó pheirspitíocht na farraige go dtí an tír.


Tá an infheistíocht an-tábhachtach le Dún na nGall agus an tIarthuaisceart a athbhrandáil mar cheann scríbe. Táthar ag dréim go meallfaidh an t-eispéireas úr seo breis agus 100000 cuairteoir in aghaidh na bliana faoin deichiú bliain agus ar an dóigh sin tionchar suntasach a bheith aige ar dheiseanna fostaíochta a chruthú agus ar mhórghníomhaíocht gheilleagrachf sa cheantar.

 

D’fháiltigh Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Clr. Rena Donaghey roimh an fhógra agus dúirt: “Is maith an moladh é seo ó Fháilte Ireland a thugann aitheantas don dúthracht agus don tacaíocht atá ár gcuid páirtithe leasmhara agus ár bpobail ag cur ar fáil chun eispéiris inbhuanaithe spéisiúla turasóireachta a chur i bhfeidhm. Ba mhaith liom moladh a thabhairt do Chomhairle Contae Dhún na nGall agus do gach duine a bhí páirteach san obair leis an tionscadal spreagúil seo a fhorbairt, agus gabhaim buíochas leis an Aire Turasóireachta agus Fáilte Ireland as an mhuinín atá siad ag cur i nDún na nGall agus as an tacaíocht atá siad a thabhairt do thábhacht an chontae don gheilleagar náisiúnta turasóireachta. Ba mhaith liom fosta mo bhuíochas a ghabháiil leis an Aire Charlie McConalogue as a chinntiú go bhfuair Dún na nGall an maoiniú is mó is féidir a fháil. Is tionscadal é seo a dhéanfaidh athrú mór in Inis Eoghain.

 

Dúirt Príomh-Fheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall, John McLaughlin: “Oibríonn muid go han-dlúth le Fáilte Ireland agus le háisíneachtaí comhpháirtíochta eile leis an gheilleagar turasóireachta, agus na heispéiris a bhíonn ag cuairteoirí, a fhorbairt ar dhóigh a dhéanann an-difríocht do na pobail uilig s’againn. Tagann fógra an lae inniu i ndiaidh 18 mí de chomhoibriú agus de chomhairliúchán lena chinntiú go raibh an t-iarratas a rinne muid chomh láidir agus is féidir.
Tá deis iontach againn anois chun láthair mhórthaibhseach a fhás le bheith ina thionscadal suaitheanta turasóireachta don chontae. Is í an obair dhúchrachtach atá déanta ag an fhoireann iontach s’againn, chomh maith le cruthaitheacht an dearaidh agus na gcoincheap, a thug muid chomh fada leis an fhógra rathúil seo inniu”.

 

Beidh tionchar an-dearfach eacnamaíochta go háitiúil ag forbairt an Dúin mar Áis Mhór Turasóireachta, méadófar an caiteachas agus an cruthú fostaíochta go háitiúil faoi dhó. Cuirfidh sé fosta leis an ghréasán d’áiseanna do chuairteoirí in Inis Eoghain agus i nDún na nGall, agus ar an dóigh sin, cuirfidh sé le hinmharthanacht turasóireachta Inis Eoghain go ginearálta agus tacóidh sé leis an Phríomhphointe Sár-Radhairc i gCionn Mhálanna.

 

Dúirt John McCarter, Cathaoirleach ar Iarsmalann Mhíleata an Dúin Riabhaigh Teo: “Tá dhá bhunsmaoineamh ar leith ag croílár an togra do Dhún an Dúin Riabhaigh, agus is é sin gur láthair staire atá ann agus gur láthair ardáilleachta í chomh maith. Ach ní sin amháin a dhéanann áit ar leith de. Is é an rud a dhéanann láthair iontach meallta agus iontach tarraingteach de Dhún an Dúin Riabhaigh ná an stair ar leith atá ann, agus an t-eispéireas ar leith atá á thairiscint”.


Agus é ag déanamh tagairt don phlean agus do na féidearthachtaí lena bhfuil beartaithe dúirt Liam Mac an Bhaird, Stiúrthóir Forbartha Pobail agus Seirbhísí Pleanála: “bhí an fhoireann s’againn ag obair i dtreo fís chomhroinnte is féidir a chur i gcrích anois. Cuirfidh Dún an Dúin Riabhaigh ar fáil turas fionnachtana fíorspéisiúil ar leith i gceantar cósta fíor-álainn. Beidh clú agus cáil air mar gheall ar scéalta faoi shaol an dúin agus faoi na heachtraí a bhainfidh leis na siúlóidí íocónacha gloine, an t-iarnród ard cáblach agus na pointí féachana samhlaíocha.

 

Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do dhúthracht na bpáirtithe leasmhara ar fad ar an tionscadal seo ina measc Fáilte Ireland, Coimisinéir Soilse na hÉireann, agus Iarsmalann Mhíleata an Dúin Riabhaigh Teo.

 

Is mian liom fosta moladh a thabhairt dóibh siúd uilig a bhí ag comhoibriú agus ag obair go díograiseach ar an tionscadal seo, mar atá, foireann Chomhairle Contae Dhún na nGall, na foirne Dearaíochta agus Comhairliúcháin, Ailtirí Keys & Monaghan, Ailtirí Cooney, Comhairleoireacht Ethna Murphy, Suirbhéirí Cairte Sammon, Comhairleoireacht Hosty Teo, agus na Destination Developers a d’aithin na féidearthachtaí a bhí sa láthair íocónach seo”.


Tá cúrsaí mara, míleata, sóisialta agus polaitiúla ag baint le stair an Dúin ar an Dún Riabhach. Tá scéalta fíorspéisiúla le hinsint faoi gach ceann de na gnéithe seo dá stair. Lena chois sin, tá stoc ar leith ag Dún an Dúin Riabhaigh. Tá meascán de shócmhainní fisiciúla aige – an Dún Ard a bhfuil túir faire ann a thugann radharc agus peirpictíocht iontach 360 céim lánléargais ar an chuid seo d’Inis Eoghain, ceann de na bailiúcháin is fearr de ghunnaí cósta sa domhan, iarsmaí agus déantáin mhíleata, agus teach an tsolais. Faoin fhobairt úr atá beartaithe, tarraingeofar aird bhreise ar na deiseanna a bhaineann le stair agus sócmhainní fisiciúla an dúin, agus cruthófar scéalta téamaithe chun cur leis an eispéireas cumhachtach agus samhlaíoch.

 

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall, i gcomhpháirt leis na páirtithe leasmhara ar fad, ina measc Fáilte Ireland, Coimisinéir Soilse na hÉireann, agus Iarsmalann Mhíleata an Dúin Riabhaigh Teo, ag tnúth le tús a chur leis an tionscadal, rud a mheallfaidh tuilleadh cuairteoirí, i gcóngar is i gcéin, chun seal a chaitheamh ag cur aithne ar an cheantar álainn ar leith seo in Éirinn.

 

 

 

 

 

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO