Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2021 ar aghaidh > Bíodh guth agat maidir le Cáin Mhaoine Áitiúil

23-06-21 Bíodh do ghuth agat maidir le hathrú ar an ráta don Cháin Mhaoine Áitiúil i nDún na nGall

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag iarraidh ar an phobal a dtuairimí a thabhairt i dtaca le moltaí leis an bhunráta Cáin Mhaoine Áitiúil a athrú i nDún na nGall in 2022.

 

Ba mhaith go mór leis an Chomhairle tuairimí a fháil maidir le haon mholadh a bheadh ann chun athrú a dhéanamh ar an ráta Cáin Mhaoine Áitiúil agus go háirithe ar aon tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an athrú seo ar theaghlaigh, ar dhaoine aonair, ar ghnólachtaí agus ar sheirbhísí na Comhairle.

 

Is é atá sa Cháin Mhaoine Áitiúil, a tháinig i bhfeidhm in 2013, cáin bhliantúil a ghearrtar ar áiteanna cónaithe in Éirinn.  De réir an Achta Airgeadais (Cáin Mhaoine Áitiúil) 2012, arna leasú, thig le húdarás áitiúil bunráta na Cánach Maoine Áitiúla a athrú laistigh dá gceantar féin faoi uasmhéid de +/- 15%. 

 

Tá fógartha ag an rialtas go bhfuil sé i gceist acu athruithe a dhéanamh ar chóras an Cháin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) ó 2022. Tá curtha in iúl go mbeidh tionchar ag na hathruithe seo ar tháillí agus ar bhandaí luachála. Mar chuid den athbhreithniú, athrófar ráta na cánach agus leathnófar na bandaí leis na táillí a dhéanamh inacmhainne agus le struchtúr ginearálta an CMÁ a choinneáil. Táthar ag dréim nach mbeidh aon ardú i gceist don chuid is mó d’úinéirí tí nuair a dhéanfar na maoine a athluacháil ar an 1 Samhain 2021. Ach, na réadmhaoine sin a tógadh ó 2013 ar aghaidh, agus a bhfuil díolúine acu faoi láthair, beidh dualgas an táille a íoc fána gcoinne ó 2022.

 

Cuireadh méadú 15% ar an ráta Cánach Maoine Áitiúla i nDún na nGall don bhliain 2020, agus coinníodh ag an ráta sin é don bhliain 2021.  Bhí na táillí céanna i bhfeidhm in 2021 agus a bhí in 2020. I nDún na nGall, bhí táille €103.50 ar thuairim is 51% de na réadmhaoine, agus táille €258.75 ar 39% de na réadmhaoine eile. Mheall breis agus 90% de na réadmhaoine i nDún na nGall táillí sa dá bhanda luachála is ísle (Banda 1 = €0 go dtí €100,000; Banda 2 = €100,000 go dtí €150,000 – bunaithe ar luachálacha 2013).

 

Is é €26.8m an teacht isteach CMÁ a bheas ag Comhairle Contae Dhún na nGall don bhliain 2021 (thart ar 17% dár dteacht isteach iomlán). Cuidíonn an t-airgead a bhailítear faoin Cháin Mhaoine Áitiúil le costais a bhaineann le réimse seirbhísí tábhachtacha de chuid na Comhairle a sholáthar, a bhfuil ina measc linnte snámha, leabharlanna, amharclanna, soilsiú poiblí, cothabháil bhóithre, seirbhísí tithíochta, seirbhísí dóiteáin, ag plé leis an dumpáil mhídhleathach agus ceisteanna bruscair, tograí pobail, deontais do choistí pobail agus do choistí deonacha, bainistiú trá, cur chun cinn na turasóireachta agus tograí forbartha eacnamaíochtaí, chomh maith le rudaí eile.

 

 

Má dhéantar aon athrú ar an Cháin Mhaoine Áitiúil, bheadh impleachtaí aige sin do chumas na Comhairle na seirbhísí seo a chur ar fáil. Mar shampla, má laghdaítear ráta an CMÁ, beidh laghdú ar an ioncam atá ar fáil don Chomhairle.  Dá bharr sin, beidh teorainn leis an líon agus réimse seirbhísí agus tacaíochtaí is féidir a sholáthar sa bhliain 2022.

 

 

Tá tuilleadh eolais, chomh maith le liosta ceisteanna coitianta ar fáil anseo

 

Is é an dáta druidte le haighneachtaí a fháil ná an  9 Iúil 2021. Ba chóir tuairimí a dhéanamh i scríbhinn, trí ríomhphost chuig [email protected], nó sa phost chuid ‘Comhairle Contae Dhún na nGall, Aighneachtaí LPT, Teach an Chontae, Leifear, Co. Dhún na nGall F93 Y622’.

 

Pléifidh na Comhairleoirí Contae tuairimí an phobail, mar chuid den phróiseas le cinneadh a dhéanamh, ag cruinniú i mí Iúil 2021, nuair a dhéanfar cinneadh deireanach maidir le haon socrú i dtaca leis an ráta Cáin Mhaoine Áitiúil i nDún na nGall don bhliain 2022.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO