Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2021 ar aghaidh > Branda úr áite do Dhún na nGall le seoladh

21-04-21 – Branda úr áite do Dhún na nGall le seoladh Dé hAoine 30 Aibreán

 

Seolfar branda úr áite do Dhún na nGall Dé hAoine 30 Aibreán, rud a chuirfidh Dún na nGall chun tosaigh mar áit iontach le cónaí ann, obair ann, infheistiú ann, staidéar ann, agus dul ag fámaireacht ann.



Is é Comhairle Contae Dhún na nGall atá i gceannas ar an tionscadal seo agus seolfaidh Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, An Clr. Rena Donaghey, agus An Teachta Charlie McConalogue TD, An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, an tionscadal Dé hAoine 30 Aibreán ar 3pm le linn ócáid speisialta ar líne.
“Tá obair ollmhór déanta leis an bhranda úr áite a fhorbairt, idir obair thaighde, obair dheartha agus obair forbartha, le haghaidh thogra Dhún na nGall. Tá lúcháir agus gliondar orm an branda úr do Dhún na nGall a sheoladh go hoifigiúil, branda a chuirfidh ardán láidir féiniúlachta agus cumarsáide ar fáil don chontae san am atá amach romhainn” a dúirt an Cathaoirleach, An Clr. Rena Donaghey.

 


Mar chuid den tionscadal, déanfar an suíomh idirlín donegal.ie a athnuachan mar lárionad ar líne don bhranda úr áite do Dhún na nGall. Beidh an suíomh ina acmhainn thábhachtach do mhuintir Dhún na nGall agus iad ag cuartú eolais faoi sheirbhísí, d’infheisteoirí atá ag iarraidh lonnú sa réigiún nó oibrithe cianda atá ar lorg roghanna chun cothromaíocht saoil/oibre níos fearr a bhaint amach, rud a d’fhéadfadh siad a fháil trí cheann den iliomad mol oibre chomhroinnte ar fud an Chontae a úsáid. Cruthóidh sé ‘mórtas áite’ do Dhún na nGall ar líne fosta, mar lárphointe eolais agus mol gréasánaithe chun cónaitheoirí, infheisteoirí, fámairí, mic léinn agus oibrithe a mhealladh.

 

Is é OCO Global an sain-chomhlacht áit-bhrandála agus forbartha eacnamaíochta atá ag cur i bhfeidhm an tionscadail agus tá comhairliúchán cuimsitheach déanta acu le páirtithe leasmhara ar fud an réigiúin, comhairliúchán a thug léargas luachmhar dóibh agus iad i mbun an fhéiniúlacht úr bhranda a fhorbairt.

 


Dúirt John McLaughlin, Príomh-Fheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall: “go gcuideoidh an áit-bhranda úr chun infheisteoirí, oibrithe agus athlonnaitheoirí a mhealladh chuig Contae Dhún na nGall tríd an tsuíomh gréasáin úr agus ardáin dhigiteacha eile. Beidh sé ina uirlis thábhachtach fosta leis an ardchaighdeán saoil, leis an tsaol ar leith agus leis na deiseanna infheistíochta atá sa chontae a chur ar taispeáint. Mholfainn do mhuintir Dhún na nGall tacú leis an bhranda agus é a chomhroinnt le baill teaghlaigh agus le cairde le go n-aithneofar Dún na nGall ar fud an domhain mar áit le cónaí ann, le hinfheistiú ann, le staidéar ann.



Mar chuid den tseoladh fhíorúil, nochtfar an fhéiniúlacht áit-bhranda úr do Dhún na nGall agus beidh roinnt ambasadóirí branda páirteach san ócáid le beocht agus brí a chur san áit-bhranda úr trí na gcuid scéalta.



Seolfar an suíomh gréasán úr donegal.ie Dé hAoine 30 Aibreán agus beidh meascán d’ábhar fíriciúil agus spreagúil d’achan duine i nDún na nGall. Lena chois sin, beidh réimse d’acmhainní digiteacha ann, amhail an lógó úr branda, cúlbhrat deisce, agus cúlraí do chruinnithe fíorúla, le híoslódáil agus le húsáid ag gach ambasadóir ar son Dhún na nGall.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO