Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2021 ar aghaidh > Ceiliúradh na Samhna i bPáirc Swan

12/10/21 - Ceiliúradh na Samhna i bPáirc Swan, Bun Cranncha - Imeacht Samhna na nÁrsa

 

 

I mbliana, titfidh Ceiliúradh na Samhna i mórcheantar Dhoire amach thar chúig Dhomhan éagsúla agus léireoidh gach Domhan acu spiorad difriúil de chuid na Samhna. Tá trí cinn de na Domhain seo suite sa chathair féin, ceann amháin ar an tSrath Bán, agus an ceann eile i bPáirc Swan, Bun Cranncha, Co. Dhún na nGall. Beidh miotais agus mioscais na Samhna fite fuaite tríd síos, ag ceangal na cathrach leis na Domhain lastall de na Ballaí.



Arsa an Cathaoirleach, an Comhairleoir Jack Murray: “Is áit álainn í Páirc Swan agus is saoráid iontach í a bhfuil an-chion ag an phobal áitiúil uirthi. Trí obair Chomhairle Contae Dhún na nGall, tá sí á hathchóiriú agus á feabhsú le go mbeidh sí níos fearr arís ná mar a bhíodh roimh thuillte 2017. Táimid ar bís, mar sin, le bheith ag cur fáilte roimh na scaiftí a thabharfas cuairt ar na himeachtaí atá beartaithe leis an tSamhain a cheiliúradh. Tá Comhairle Contae Dhún na nGall thar a bheith sásta go bhfuil muid in ann an t-imeacht seo a reáchtáil mar chuid den fhéile teaghlaigh atá á reáchtáil go rathúil ag Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin le 35 bliain anuas. Tá súil agam go mbeidh an t-imeacht seo ina bhunchuid den cheiliúradh sna blianta atá romhainn.”



Is cúis áthais do Chomhairle Contae Dhún na nGall imeacht seo na Samhna a óstáil. Reáchtálfar é thar dhá oíche, an 29ú agus an 30ú Deireadh Fómhair agus beidh trí thaibhiú gach oíche.



Déanfaidh Grúpa Carnabhail Inis Eoghain conair dealbh agus taibhithe a chruthú i bPáirc Swan, Bun Cranncha. Agus an seanchas agus an béaloideas a bhaineann le Ridirí na Craoibhe Rua mar inspioráid acu, cruthóidh siad tírdhreach rúndiamhair, áit a mbeidh an t-aos sí agus na seandéithe i réim, áit a gcuirfear mallachtaí agus a ndéanfaidh laochra margáil leis na Déithe, áit a mbeidh cumhacht an tsaoil eile le brath agus áit a mbeidh sorcha agus dorcha in adharca lena chéile.



Agus í maisithe le laindéir agus dealbha solais, cuirtear tús leis an chonair ag Daingean Uí Dhochartaigh agus leanann sí léi le cois bhruach na habhann go dtrasnaíonn sí an abhainn agus téann ar ais i dtreo Dhroichead an Chaisleáin. Ar feadh an bhealaigh, buailfidh lucht siúil le réimse leathan den aos sí: mná sí, síofraí coille agus go leor carachtar neamhshaolta eile. Cuirfear clabhsúr leis an chonair le taibhiú 20 bomaite le slua de dhamhsóirí sí.



Ag labhairt dó fá dtaobh den fhéile, arsa Cathaoirleach Ghrúpa Forbartha Réigiúnda an Iarthuaiscirt, an Comhairleoir Ciarán Brogan: “Is pacáiste cómhaoinithe é Ciste Forbartha an Iarthuaiscirt atá á mhaoiniú ag Rialtas na hÉireann agus ag Oifig an Fheidhmeannais (TÉ). Tá sé á riar ag Grúpa Forbartha Réigiúnda an Iarthuaiscirt, grúpa a chuimsíonn Comhairleoirí ó Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin agus ó Chomhairle Contae Dhún na nGall. An sprioc atá againn, an t-aon ghuth amháin a bheith ann do Réigiún Cathrach an Iarthuaiscirt le go dtig linn Réigiún Cathrach bisiúil inmharthana rathúil a sholáthar ina mbeidh comhdheiseanna ann don uile dhuine. Tá lúcháir orainn a bheith ag cur le leathnú Fhéile Samhna Dhoire isteach i nDún na nGall agus tá súil againn go leanfar dá forbairt ina féile a dtig leis na saoránaigh agus na cuairteoirí uilig, fud fad an réigiúin, sult a bhaint aisti.”



Déanann Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin Féile Samhna Dhoire a eagrú agus faigheann siad tacaíocht ó Thurasóireacht Thuaisceart Éireann, ó Chomhairle Contae Dhún na nGall agus ó Chiste Forbartha an Iarthuaiscirt.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO