Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2021 ar aghaidh > Clár Imeachtaí Cholmcille 1500

22-06-21 Clár Imeachtaí Cholmcille 1500

 Colmcille 1500 programme of events

Tá ríméad ar an tSeirbhís Leabharlainne clár imeachtaí Colmcille1500 a fhógairt chun an dlúthnasc a bhí ag an naomh le leabhair agus le saol na litríochta a cheiliúradh.

Is é Colmcille duine de thriúr éarlamh na hÉireann, agus is é naomhphátrún Dhoire é. Rugadh i nGartán, Co. Dhún na nGall é ar an 7 Nollaig, 521 AD nó 520 AD. Tá cáil air as mainistreacha a bhunú i nDoire agus ar Í agus as an Chríostaíocht a chraobhscaoileadh ar fud na hAlban.  Fuair Colmcille bás ar Í ar an 9 Meitheamh 593.

 

 

Is é seo a leanas a bheidh mar chuid den tsraith imeachtaí:

 

An 9 Meitheamh 2021 - Nollaig 2021 

Saol agus Oidhreacht Cholmcille: Taispeántas de Leabhar Cheanannais agus Colmcille The Scribe

Beidh taispeántas sa Leabharlann Láir i Leitir Ceanainn ag díriú ar ghnéithe de shaol agus oidhreacht Cholmcille. Mar bhuaicphointe an taispeántais bhig seo beidh macasamhail álainn Verlag den leabhar aitheanta, Leabhar Cheanannais, agus saothar álainn Seamus Heaney, Colmcille The Scribe. Tá leabharliosta de na saothair ar Cholmcille atá i gCnuasach Léinn Dhún na nGall ar fáil i bhfoirm chlóite agus ar líne ag http://www.donegallibrary.ie/colmcille/

 

Is sraith léachtaí ar líne é Colmcille, Leabhair agus Níos Mó ar shaol agus ar oidhreacht dhuine de na Conallaigh is cáiliúla.  Ní féidir labhairt faoi Cholmcille gan a cheangail le saol na litríochta a lua. Do roinnt daoine, seans go dtugann sé Leabhar Cheanannais chun cuimhne, ach do dhaoine eile seans go mbaineann sé le béaloideas agus le tairngreachtaí maidir leis an phearsa conspóideach seo. Do léitheoir na linne seo, b’fhéidir go dtugann sé Chronicles of Iona chun cuimhne, saothar ina dtugtar Colmcille chun beatha i mbealach nua agus bríomhar.

 

Tá saorchead isteach chuig na léachtaí seo agus is féidir féachaint orthu ar chaineál YouTube Chomhairle Contae Dhún na nGall: https://www.youtube.com/user/wwwdonegalcocoie/videos

 

Is féidir teacht ar an fhaisnéis agus ar chlár na n-imeachtaí ar shuíomh gréasáin na leabharlainne www.donegallibrary.ie, san fhéilire ‘Imeachtaí’ agus is féidir Leabharlann Chontae Dhún na nGall a leanúint ar Facebook agus Twitter. Le tuilleadh eolais a fháil ar imeachtaí uile Cholmcille, déan teagmháil leis an Leabharlann Láir ag 074 91 24950.

 

 

Feic thíos dátaí agus amanna na léachtaí:

 

An 14 Lúnasa ag 7.00pm. Fiosróidh “Currach Í” le Dónal Mac Polin aistear Cholmcille ó Éirinn go hÍ agus an tionscadal ina dhiaidh sin as a d’eascair Currach Í.

An 16 Lúnasa ag 6.00pm.  Labhróidh an t-ealaíontóir, Tim Stampton, atá ag cur faoi in Inis Eoghain, faoin phearsa a bhí mar spreagadh dá bhunléaráidí “The Maledictions of Colmcille” agus na scéalta a bhaineann leis an naomh teasaí seo. 

Tabharfaidh an staraí aitheanta, Brian Lacey, na cainteanna seo a leanas ar oidhreacht liteartha Cholmcille agus ceisteoidh sé cuid dár dtuairimí réamhcheaptha:

An 16 Lúnasa ag 8.00pm.                “Trí shaol scríofa Cholmcille”

An 18 Lúnasa ag 8.00pm.               “Leabhar Cheanannais agus lámhscríbhinní eile Cholmcille”

An 20 Lúnasa ag 8.00pm.               “Colmcille agus scéal an chóipchirt – fíor nó breágach?”

 

Tabharfaidh an staraí agus an t-údar áitiúil, Christy Gillespie, dhá chaint ar shaol Cholmcille: 

An 17 Lúnasa ag 8.00pm.  “Lorg Cholmcille, Cuid 1”

An 19 Lúnasa ag 8.00pm.  “Lorg Cholmcille, Cuid 2”

 

An 17 Lúnasa ag 6.00pm.  “An Draíocht ina Fhocal: Oidhreacht Liteartha Cholmcille”

Tabharfaidh údar The Chronicles of Iona, Paula de Fougerolles, caint ar oidhreacht liteartha Cholmcille.

 

An 21 Lúnasa ag 8.00pm  “Colmcille, an Finscéal”. Tabharfaidh an t-údar agus an scéalaí cáiliúil, Joe Brennan, caint ar bhéaloideas agus ar an seanchas bainteach le pearsa Cholmcille.

 

Club Leabhar Colmcille 1500 Leabharlann Dhún na nGall

An 15 Meán Fómhair ag 7.00pm - Club Leabhar ‘Chronicles of Iona’

Thug Chronicles of Iona, saothar Paula de Fougerolle, beocht do phearsa Cholmcille i mbealach bríomhar fuinniúil do ghlúin nua léitheoirí. Tá a leabhair á léamh ag clubanna leabhar, arna n-óstáil agus le tacaíocht ó Leabharlann Dhún na nGall, agus ag duine ar bith a bhfuil suim acu leabhar iontach a léamh. Tugtar cuireadh do léitheoirí páirt a ghlacadh in imeacht beo, áit a labhróidh Paula faoina leabhair agus reáchtálfar seisiún ceisteanna agus freagraí. Is féidir cóipeanna de na leabhair a iarraidh ó Leabharlann Chontae Dhún na nGall http://www.donegallibrary.ie/

Déanfar an ócáid a óstáil trí GoToMeeting agus ní mór réamháirithint a dhéanamh mar beidh líon na rannpháirtithe teoranta do 100. Déan teagmháil leis an Leabharlann Láir ag 074 91 24950, le haghaidh eolas breise agus sonraí áirithinte.

 

 

Tionscadal Digiteach Béaloidis na Scoileanna maidir le Colmcille

Tugadh faoi Bhailiúchán Béaloidis na Scol idir 1937 agus 1939. Spreagadh páistí scoile chun béaloideas áitiúil a bhailiú agus a thaifeadadh.  Mar thoradh air sin, bailíodh 267 píosa béaloidis a bhaineann le Colmcille, formhór acu (172) ó scoileanna i gContae Dhún na nGall.

 

Tá sé mar aidhm ag Tionscadal Digiteach Béaloidis na Scoileanna maidir le Colmcille feasacht a ardú agus suim a mhúscailt i gcomóradh 1500 bliain bhreith Cholmcille i measc páistí bunscoile. Is é is aidhm leis freisin béaloideas Cholmcille a athbheochan agus suim a athmhúscailt i mBailiúchán Béaloidis na Scol trí leagan 21ú Céad de na scéalta a sholáthar i bhfoirm beochana digití, a mbeidh ar fáil don phobal ar fad. 

 

Tá Leabharlann Chontae Dhún na nGall i gcomhar le Leabharlanna TÉ, Leabharlann Chontae na Mí agus Leabharlann Chontae Shligigh tar éis bheith ag obair go dlúth le foireann as Ionad na Néaróg, Doire, ar an tionscadal spreagúil agus nuálach seo. D’oibrigh cúig bhunscoil as gach contae, a bhfuil dlúthbhaint acu le Colmcille, go cianda ar bheochan dhigiteach a dhéanamh dá scéalta maidir leis an phearsa an-spéisiúil seo. Tarraingeofar aird ar an saothar comhaimseartha seo ag ócáid taispeántais ar an 7 Nollaig 2021.  Beidh sonraí breise ar fáil níos déanaí sa bhliain ar www.donegallibrary.ie

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO