Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2021 ar aghaidh > Coirmeacha ceoil le bheith sna Tithe Altranais

28-01-21 Coirmeacha ceoil le bheith sna Tithe Altranais mar chuid den fheachtas ‘Cosain do Shláinte’ Earrach 2021

Mar chuid den fheachtas ‘COSAIN DO SHLÁINTE’, tá sé beartaithe ag Seirbhís Ealaíon Chomhairle Contae Dhún na nGall agus Clár Aoisbhá Dhún na nGall painéal de cheoltóirí agus amhránaithe a bhfuil neart taithí acu a chur le chéile chun ceol, amhráin agus damhsa a chur ar fáil dóibh siúd atá i dtithe altranais an chontae sna míonna amach romhainn.

 

Tá sé ar cheann de thograí atá ar bun ó bhí tús na géarchéime ann agus a bhfuil baint aige leofa siúd atá ag dul siar sna blianta. Tá siad faoi réir ag An Rannóg Cultúir agus Clár Aoisbhá Dhún na nGall atá faoi stiúir Chomhairle Contae Dhún na nGall. Rinne an Chomhairle Contae pacáistí cúraim agus tacaíochta a sholáthar dóibh siúd sna Tithe Altranais le linn 2020. Bhéarfaidh an togra seo tógáil croí agus meanman daofa ná tá tionchar thar a bheith diúltach ag na srianta Covid-19 ar a saol faoi láthair.

 

Keeping Well Campaign Spring 2021

 

Tá sé ráite ag na tithe Altranais gurb iad an Ceol Traidisiúnta agus Ceol Tíre is mó a bhfuil éileamh orthu agus mar sin táthar ag lorg ceoltóirí ó na seánraí sin chomh maith le ceoltóirí ó sheánraí eile agus iad siúd atá ábalta siamsaíocht de chineál ar bith eile a chur ar fáil. Beidh na coirmeacha ceoil ar ardchaighdeán agus ócáid réchúiseach a bheas ann sa dóigh is go mbeidh na ceoltóirí agus an lucht éisteachta ar a sáimhín só.

 

De bharr na srianta Covid-19 agus an scaradh sóisialta atá i bhfeidhm i láthair na huaire, díreofar ar cheoltóirí aonaracha agus ar ghrúpaí de bheirt nó triúr. D’fhéadfadh na coirmeacha ceoil a bheith ar siúl taobh istigh nó taobh amuigh, ag brath ar chás Covid-19.

 

Iarrtar ar cheoltóirí a bhfuil suim acu bheith páirteach sa togra cóip den fhoirm léiriú spéise a bhfuil treoracha do na ceoltóirí inti, a iarraidh ó Sheirbhís Ealaíon na Comhairle trí ríomhphost a sheoladh chuig: [email protected]. Caithfear na foirmeacha líonta a bheith seolta ar ais chuig Seirbhís Ealaíon na Comhairle roimh an Chéadaoin 10ú Feabhra ag 4.00 i.n.

 

Is feachtas é ‘Cosain do Shláinte’ atá faoi réir ag Sláinte Éireann, togra de chuid an Rialtais le maoiniú ó Chiste Sláinte Éireann agus Ciste Sláintecare agus atá curtha ar fáil ag Pobal.

 

Eolas

 

Traolach Ó Fionnáin, Oifigeach Ealaíon, Comhairle Contae Dhún na nGall.

Guthán: 074 9163832/087 3612977 Rphost: [email protected]

 

Mairéad Cranley, Leas-chomhordaitheoir ar Ionchuimsiú Sóisialta/ Comhordaitheoir ar Chlár Aoisbhá Dhún na nGall.

Guthán: 0876052067 / 0749561326   Rphost: [email protected]      

 

 

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO