Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2021 ar aghaidh > Comhairle Aimsire - Teochtaí Ísle etc

8 Feabhra 2021 Comhairle Aimsire – Teochtaí Ísle agus seans go mbeidh sneachta/oighear ann

Tá comhairle aimsire eisithe ag Met Éireann don tír. Ón Domhnach go dtí an Chéadaoin, beidh sé iontach fuar, le teochtaí an-íseal ann le linn an lae, agus sioc iontach géar agus paistí oighir san oíche.

 

Don Déardaoin, tá seans ann go n-eiseoidh Met Éireann rabhadh aimsire le haghaidh sneachta/oighir. Ciallaíonn sin go mbeidh sneachta idir 5cm agus 10cm ar doimhne ann, agus níos mó ná sin ar thalamh ard, ag toiseacht go luath maidin Déardaoin.

 

Iarrtar ar bhaill den phobal na ullmhúcháin chuí a dhéanamh sula dtiocfaidh an aimsir seo agus a chinntiú go bhfuil teacht ar sholáthairtí riachtanacha tí, go háirithe do dhaoine níos sine agus do dhaoine atá leochaileach.  

 

Iarrtar ar thiománaithe a bheith níos cúramaí agus iad ag tiomáint sa sneachta trom, agus a bheith ar an airdeall le haghaidh seaca agus sneachta ar na bealtaí móra.

 

Táthar ag dréim go bhfanóchaidh an aimsir ar aghaidh mar seo suas go dtí an deireadh seachtaine agus lena linn chomh maith.

 

Tá Foireann Measúnaithe Aimsire Chomhairle Contae Dhún na nGall  ag coinneáil súil ar na coinníollacha agus tabharfar tuilleadh eolais má éiríonn an aimsir níos measa.

 

Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Chomhairle ar (074) 91 53900 agus má tharlaíonn eachtra éigeandála lasmuigh d'uaireanta oifige is féidir dul i dteagmháil le Seirbhís Bóithre na Comhairle ar (074) 91 72288. Nuair a bhíonn an tSeirbhís Dóiteáin de dhíth le haghaidh éigeandála, cuir scairt ar 999 nó ar 112.

 

Thig leat coinneáil suas chun dáta trí d’ainm agus do shonraí a chlárú le haghaidh tuairiscí saor in aisce chuig do ghuthán trí clárú ar www.mapalerter.com/donegal nó trí Chomhairle Contae Dhún na nGall a leanúint ar Twitter Twitter @roadsdcc nó ar an leathanach Facebook

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO