Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2021 ar aghaidh > Comórtas Scaob an Salachar

22-01-2021 Comórtas Póstaer Scaob an Salachar - Bailte Slachtmhara Bhun Cranncha

 

Comhghairdeas le Muireann Nic Dhónaill, 11 bhliain d’aois, Gaelscoil Bhun Cranncha

I mí Dheireadh Fómhair, 2020, reáchtáil Comhairle Contae Dhún na nGall agus Feachtas Bailte Slachtmhara Bhun Cranncha comórtas póstaer ‘Scaob an Salachar’ do pháistí i gceantar Bhun Cranncha. B’é Pearsa Dhún na nGall na bliana, Noel Cunningham a roghnaigh an buaiteoir agus tá lúcháir orainn comhghairdeas a dhéanamh le Muireann Nic Dhónaill, 11 bhliain d’aois as Gaelscoil Bhun Cranncha.Tá sé de rún ag an Chomhairle íomhá Mhuireann a úsáid le comharthaí níos mó a dhéanamh le daoine a spreagadh le glanadh suas i ndiaidh na madaí s’acu i gceantar Bhun Cranncha.

Ghabh Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Comhairleoir Rena Donaghey comhghairdeas le Muireann Nic Dhónaill, Gaelscoil Bhun Cranncha. Arsa an Cathaoirleach, “Tarraingíonn póstaer Mhuireann aird daoine agus léiríonn teachtaireacht thar a bheith tábhachtach faoin tsalachar madaí agus a thábhachtaí atá sé glanadh suas i ndiaidh na madaí.  Tá lúcháir orm go bhfuil tuigbheáil iontach i measc an aosa óig againn ar chúrsaí timpeallachta. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil fosta leis na páistí eile uilig a bhí páirteach sa chomórtas.  Thóg sé mo chroí a bheith ag amharc ar na póstaeir ghalánta uilig.  Gabhaimid buíochas mór fosta le Brian Doyle a thugann tacaíocht iontach do ghrúpa Bhun Cranncha na mBailte Slachtmhara agus do Noel Cunningham a rinne an mholtóireacht.”

Arsa Brian Doyle, Maor Bruscair, Comhairle Contae Dhún na nGall, “bhí caighdeán na n-iontrálacha thar a bheith ard agus tá lúcháir orm a fheiceáil gur úsáid Muireann an feachtas ‘Mála ar bith, Bosca Bruscair ar bith’ de chuid na Comhairle ar a póstaer. Tá áthas orm fosta go ndeachaigh Feachtas Bailte Slachtmhara Bhun Cranncha i bpáirt leis an Chomhairle ar an chomórtas seo agus thug urraíocht don duais a fuair an buaiteoir. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Noel Cunningham, Pearsa Dhún na nGall na bliana, a thóg an t-am leis an iontráil bhuacach a roghnú.” 

Arsa Sinéad Ní Bhroin, Cathaoirleach Ghrúpa Bailte Slachtmhara Bhun Cranncha, “Comhghairdeas le Muireann, agus buíochas mór do na páistí go léir as a gcuid oibre iontach. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil fosta lena dtuismitheoirí as a bheith ag tacú leo le cur isteach ar an chomórtas faoi na cúinsí deacra seo atá linn faoi láthair, le Brian Doyle a thugann tacaíocht iontach i gcónaí don phobal s’againn agus do Noel Cunningham as an am a ghlacadh amach as an sceideal ghnóthach s’aige leis an bhuaiteoir a roghnú. Mar a deirtear, ní neart go cur le chéile!

Bíonn an Chomhairle ag obair i ndlúthpháirtíocht leis an phobal áitiúil ar fud an Chontae agus bíonn a leithéid seo de chomórtas éifeachtach le feasacht a chothú ar fhadhb amhail salachar na madaí. 

Críoch.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO