Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2021 ar aghaidh > Deich mBliana de Chomórthaí Céid

8 Meitheamh 2021 - Deich mBliana de Chomórthaí Céid á thabhairt chun beatha

 

Tá lúcháir ar Rannán Cultúir Chomhairle Contae Dhún na nGall a fhógairt go bhfuil beirt ealaíontóirí agus staraí amháin fostaithe le clár de thionscadail spreagúla nuálaíocha a chur i gcrích mar chuid de chlár imeachtaí na nDeich mBliana de Chomórthaí Céid 2021.


Oibreoidh an Dr Ben Rodgers le Cartlann Chontae Dhún na nGall mar staraí cónaithe. Tá an Dr Rodgers lonnaithe faoi láthair i Scoil na Staire i gColáiste Ollscoile Átha Cliath. Déanfaidh sé taighde ar dhá Bhailiúchán Cartlainne Contae, is iad sin Bailiúchán Sheosaimh Uí Mhuirí agus leabharthaí miontuairiscí roghnaithe de chuid na Comhairle Ceantair Tuaithe agus Uirbigh idir 1918-1925. Mar thoradh ar an taighde, foilseofar sé aiste agus reáchtálfar sraith cainteanna ar líne.


Tá Ann Quinn fostaithe le sraith péinteálacha a dhéanamh bunaithe ar ghnéithe den saol i nDún na nGall le linn na tréimhse ó 1919 go dtí 1923. In 2020, bronnadh Sparánacht Ealaíontóra ar ón Chomhairle Oidhreachta agus tá taispeántais déanta aici i ndánlanna ar fud na hÉireann agus ag taispeántas bliantúil an Acadaimh Ibeirnigh Ríoga in 2019. Oibríonn sí as a stiúideó ealaíne féin i mBaile Uí Leannáin, Baile Suingean.

 

Oibreoidh Maggie Hannon le Seirbhís Cartlainne Chontae Dhún na nGall agus le Músaem Contae Dhún na nGall mar Ealaíontóir Cónaithe chun saothair úra ealaíne a chruthú mar fhreagairt ar na bailiúcháin d’ábhair atá acu a bhaineann leis an tréimhse 1919-1923. Is aisteoir, scríbhneoir agus drámadóir í Maggie, arb é an seó aon-mhná Sister Black an saothar is déanaí a scríobh sí agus a rinne sí. Bhí an seó bunaithe ar shaol oibrí sláinte as Ráth Mealtain ar an líne thosaigh le linn an Chéad Chogadh Domhanda, An Altra Catherine Black, OBE, a raibh saol an-eisceachtúil aici a thug í ó láithreacha catha na Fraince go dtí cúirt Rí Seoirse V Shasana.

 

Faigheann na tionscadail seo tacaíocht ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíona, Gaeltachta, Spóirt agus Meán faoi Shraith an Phobail den Chlár Deich mBliana de Chomórthaí Céid mar chuid de den Tionscnamh Deich mBliana de Chomórthaí Céid 2012-2023.



Fá choinne eolais déan teagmháil le Músaem Contae Dhún na nGall, An Bóthar Ard, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall: Guthán 074 9124613 Rphost [email protected]

 

Críoch

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO