Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2021 ar aghaidh > Díolúine Rátaí Tráchtála

09-02-21 Díolúine Rátaí Tráchtála (Ean-Márta 2021) de bharr Covid-19

D’fhógair an Rialtas srianta Leibhéal 5, ar a n-áirítear gnólachtaí neamhriachtanacha a dhruidim, ón 31 Nollaig. Fógraíodh tuilleadh srianta ar an 6 Eanáir 2021. Chun tacaíocht leanúnach a sholáthar d’íocóirí rátaí, agus ag glacadh san áireamh an tionchar mór atá Covid-19 a imirt ar ghnólachtaí, tá an Rialtas i ndiaidh díolúine bhreise a fhógairt i dtaca le Rátaí Tráchtála, a bheas i bhfeidhm do chineálacha áirithe gnólachtaí sa chéad ráithe de 2021. Is scéim díolúine ann féin í seo, difriúil ón scéim in 2020, mar go bhfuil na critéir, a bhí i bhfeidhm i Scéim 2020, athraithe.

 

 

Is díolúine 100% atá i gceist do gach gnólacht, go ceann tréimhse 3 mhí go dtí deireadh mhí Mhárta 2021, cé go bhfuil roinnt catagóirí as an áireamh. Cuirfear an díolúine i bhfeidhm i bhfoirm creidmheasa in áit rátaí iníoctha ó Eanáir 2021 go dtí Márta 2021.

 

 

Catagóirí atá i dteideal na Díolúine

 

Seo a leanas na catagóirí, go ginearálta, lena mbaineann an creidmheas in áit rátaí:

 

  • Fáilteachas
  • Fóillíocht
  • Siamsaíocht éagsúil
  • Miondiol neamhriachtanach (Siopaí agus Trádstórais)
  • Aerfoirt
  • Miondíol riachtanach (seachas Ollmhargaí Móra, níos mó ná 500m2)
  • Sláinte
  • Stáisiúin Seirbhíse
  • Cúram Pearsanta
  • Cúram Páistí

 

Catagóirí nach bhfuil san áireamh

 

Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go bhfuil roinnt catagóirí gnó a bhí san áireamh i Scéim Díolúine 2020 ach nach bhfuil san áireamh sa scéim úr.

Mar a bhí sa Scéim Díolúine roimhe seo, is é an chúis nach raibh na híocóirí rátaí seo san áireamh mar nár chuir an phaindéim isteach chomh holc céanna ar a gcuid oibríochtaí, chomh maith leis an ghá atá ann acmhainní a dhíriú agus a dháileadh go cuí.

 

Tá tuilleadh sonraí agus eolas faoi na catagóirí atá incháilithe don díolúine, agus na catagóirí nach bhfuil incháilithe don díolúine, le fáil ar ár suíomh idirlín.

 

https://www.donegalcoco.ie/services/incomecollectionunit/commercialrates/

 

An dóigh le hiarratas a dhéanamh

Ní gá iarratas a dhéanamh chuig Comhairle Contae Dhún na nGall. Cuirfidh Comhairle Contae Dhún na nGall an díolúine 100%, i bhfoirm creidmheasa in áit rátaí, ar do chuntas, go ceann tréimhse 3 mhí, do na haicmí agus catagóirí sin de mhaoine sealbhaithe inrátaithe, a fhad is nach bhfuil an gnólacht atá san áitreabh i gcatagóir neamhcháilithe.

 

Rachaidh an Chomhairle i dteagmháil le gach custaiméir i mí Mhárta 2021 lena chur in iúl dóibh ar cuireadh an díolúine i bhfeidhm ar a gcuntas. Beidh deis ag gnólachtaí achomharc a dhéanamh fosta i gcás nach bhfuair gnólacht an díolúine.

 

 

Cad é a tharlóidh i ndiaidh dheireadh mhí Mhárta 2021?

Coinneofar an scéim díolúine faoi athbhreithniú don tréimhse ama sin i ndiaidh mhí Mhárta, agus is féidir cinneadh a dhéanamh maidir le haon síneadh ama nuair a bheas níos mó eolais ar fáil faoin tionchar leanúnach atá á imirt ag an phaindéim ar ghnólachtaí agus ar athoscailt na sochaí i gcoitinne i nDún na nGall. Coinneoidh Comhairle Contae Dhún na nGall ár gcuid custaiméirí ar fad ar an eolas faoi aon athrú ar an scéim amach anseo nó faoi aon tacaíochtaí breise a d’fhéadfadh theacht chun tosaigh fá choinne gnólachtaí.

 

Fá choinne tuilleadh eolais, cuir ríomhphost chugainn ar:

 [email protected]

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO