Tá brón ar Bhord Dhomhan an Uisce i mBun Dobhráin cinneadh a dhéanamh go bhfanóchaidh an t-ionad druidte i rith shéasúr 2021.
Glacadh an cinneadh deacair seo i ndiaidh gach féidearthacht a scrúdú maidir le treoracha sláinte poiblí, agus le sábháilteacht na n-oibrithe agus na gcustaiméirí araon a chinntiú.
Lena chois sin, ní cheadaíonn an chomhairle sláinte poiblí is déanaí dúinn áiseanna ar nós Dhomhan an Uisce a oscailt, agus níltear ag dréim le fógra poiblí eile ón rialtas go dtí deireadh mhí an Mheithimh.
Ina ainneoin seo, bheadh gardaí tarrthála de dhíth a bhfuil an taithí agus an oiliúint chuí acu, agus bunús na ndaoine a d’oibrigh i nDomhan an Uisce roimhe seo tá poist faighte acu in áiteanna eile anois, agus níl go leor ama againn anois chun oibrithe úra a fhostú agus a thraenáil mar is ceart.
Dúirt Anderson Keys, Bainisteoir Ginearálta Dhomhan an Uisce: ‘bhí muid i dteagmháil i rith an ama lenár n-institiúid, Éire Ghníomhach, a d’eisigh comhairle agus treoir do na baill-áiseanna ar fad ar fud na tíre, agus rinne muid ár machnamh ar an chomhairle a d’eisigh an Rialtas agus NPHET.’
Cé go gcoinneofar an t-ionad druidte don séasúr, táthar ag súil go mbeidh an áis ghaolmhar eile – Folcadáin Feamainne Bhun Dobhráin – ag athoscailt go luath i mí Iúil; ag soláthar suaimhnis ina gcuid folcadán feamainne ina n-úsáidtear feamainn a fhaightear go háitiúil chomh maith le huisce farraige ón Atlantach. Is ar líne amháin a bheifear in ann áirithintí a dhéanamh agus táthar ag súil go mbeidh sé seo ar fáil go luath.
Úsáidfidh bainisteoirí Dhomhan an Uisce an t-am a bheas an áis druidte chun roinnt athruithe inmheánacha a dheanamh lena chinntiú go mbeidh sé oscailte ina iomláine agus réidh le fáilte a chur roimh chuairteoirí faoin Cháisc 2022.