Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2021 ar aghaidh > Dréacht-Mháistirphlean Leitir Ceanainn 2040

11-11-21 – Leitir Ceanainn 2040 – Dréacht-Mháistirphlean Baile s’agat, Fís s’agat, Guth s’agat

Letterkenny 2040- Draft Masterplan  image

 

Tá áthas ar Chomhairle Contae Dhún na nGall próiseas comhairliúcháin phoiblí a oscailt ar Dhréacht-Mháistirphlean Leitir Ceanainn 2040. Is próiseas é Leitir Ceanainn 2040 chun Straitéis Athbheochana a ullmhú do lár baile Leitir Ceanainn chun tosaíochtaí uaillmhianacha a aithint dó mar áit tharraingteach, inrochtana agus rathúil. Is tionscadal é chun todhchaí lár an bhaile a shamhlú go dtí 2040 agus níos faide anonn agus tugtar cuireadh don phobal a dtuairimí a thabhairt.



Tá an tionscadal spreagúil seo maoinithe ag an Chiste Athbheochana agus Forbartha Uirbí (URDF), tionscnamh suaitheanta de chuid Tionscadal Éireann 2040 agus é á chómhaoiniú ag Comhairle Contae Dhún na nGall. Tá an straitéis ag múnlú fís láidir do thodhchaí Leitir Ceanainn mar an Lárionad Réigiúnach san Iarthuaisceart, ag mealladh infheistíochta agus ag aithint sraith tionscadal chun claochlú cumhachtach sóisialta, eacnamaíoch agus comhshaoil a dhéanamh.

 


Ag oscailt an phróisis chomhairliúcháin dó, dúirt an Comhairleoir Jimmy Kavanagh, Cathaoirleach Cheantar Bardais Leitir Ceanainn agus Bhaile na nGallóglach, “Tá ríméad orm an fócas láidir athbheochana seo a fheiceáil ar lár baile Leitir Ceanainn agus an Dréacht-Mháistirphlean a chur faoi bhráid an phobail chun fáilte a chur roimh aiseolas ar na tionscadail agus na smaointe atá istigh ann. Tá go leor smaointe cruthaitheacha spreagúla sa Dréacht-Mháistirphlean chun lár baile Leitir Ceanainn a fheabhsú mar áit tharraingteach bhríomhar, agus é a chur in áit mhaith le haghaidh infheistíochta sa todhchaí agus muid ag freagairt do dhúshláin shuntasacha amhail an ghéarchéim aeráide ”. Dúirt sé, “Mholfainn don phobal iomlán a bheith páirteach sa phróiseas comhairliúcháin seo sna 4 seachtaine amach romhainn."



D'ullmhaigh foireann chomhairleoireachta ghradamach an Dréacht-Mháistirphlean faoi stiúir comhairleoirí dearaidh agus athghiniúna uirbí The Paul Hogarth Company, agus ar a bhfuil Hall Black Douglas Architects, WS Atkins Transport Consultants, AV Brown agus Ollscoil na Banríona, Béal Feirste fosta. Tá an Dréacht-Mháistirphlean tógtha ar an méid a dúirt daoine le linn na chéad chéim den chomhairliúcháin i mí Feabhra 2021.

 


Dúirt James Hennessey, ceannaire foirne agus Stiúrthóir le Comhlacht Paul Hogarth, “Tá an Dréacht-Mháistirphlean dírithe ar 4 phríomhchoincheap a bhaineann leis an Phríomhshráid, Bóithre an Phiarsaigh agus an Phoirt, bonneagar glas agus gorm agus cearnóg bhaile agus mol iompair. Trí éisteacht le muintir Leitir Ceanainn le linn na chéad chéime den chomhairliúchán agus trínár staidéar ar an bhaile, tchímid deis ollmhór chun acmhainneacht lár an bhaile a dhíghlasáil. Taispeánann an Dréacht-Mháistirphlean conas is féidir leis seo tarlú trí níos mó spás glas a chruthú agus a nascadh, foirgnimh a athchóiriú, béim a chur ar an siúl agus ar an rothaíocht agus iad a chumasú, lár an bhaile a ath-áitiú mar áit iontach do thithe agus mar thoradh air sin, ceann scríbe a dhéanamh do Leitir Ceanainn ”.

 

 

Dúirt Liam Ward, Stiúrthóir na Seirbhísí Forbartha Pobail agus Pleanála, “Is cloch mhíle thábhachtach é foilsiú an Dréacht-Mháistirphlean chun na tosaíochtaí athghiniúna uilig do lár an bhaile a thabhairt le chéile in aon Straitéis shoiléir, fhísiúil agus spreagúil amháin. Tá sé mar chuid de chlár níos leithne tionscnamh athghiniúna atá cumasaithe fosta ag an Chiste Athghiniúna agus Forbartha Uirbí agus atá á chur chun cinn go comhthreomhar. Ina measc seo tá dearadh agus forbairt bonneagair siúil agus rothaíochta, éadáil straitéiseach talún chun críocha athghiniúna agus, infheistíocht chaipitil i bhforbairt Cheathrú na hArdeaglaise agus an sean-Teach Cúirte. I dteannta a chéile, tá móiminteam soiléir ann agus go leor deiseanna uaillmhianacha agus fíorthábhachtacha do thodhchaí Leitir Ceanainn mar an tIonad Réigiúnach láidir i Réigiún Cathrach an Iarthuaiscirt ”.

 


Dúirt Sinead McCauley, Pleanálaí Feidhmiúcháin Fhoireann Athghiniúna agus Forbartha Chomhairle Contae Dhún na nGall, “Bhí ról lárnach ag an phobal i Leitir Ceanainn cheana féin maidir leis an dóigh a bhfuil an Dréacht-Mháistirphlean ag teacht chun cinn ach is obair idir lámha í go fóill. Beidh rannpháirtíocht leanúnach mhuintir na háite ríthábhachtach do rath Leitir Ceanainn 2040 agus dá bhrí sin ba mhaith linn cluinstin ón oiread daoine agus is féidir maidir leis an Dréacht-Mháistirphlean. I ndiaidh an Dréacht-Mháistirphlean, forbróidh an tionscadal smaointe dearaidh níos mionsonraithe do phríomhshuíomhanna athghiniúna agus le haghaidh tuilleadh comhairliúcháin san Athbhliain.

 

Glac páirt

 


Tá go leor bealaí ann chun páirt a ghlacadh ón Déardaoin 11 Samhain go dtí Déardaoin 9 Nollaig 2021:
• Féach ar phainéil chomhairliúcháin an Dréacht-Mháistirphlean ar shuíomh gréasáin an tionscadail www.letterkenny2040.ie
• Comhlánaigh an suirbhé gairid ar líne ag www.letterkenny2040.ie
• Seol tuairimí níos mionsonraithe chuig [email protected] faoin 9 Nollaig 2021.
• Buail isteach chuig an sean-siopa A-Wear ar an Phríomhshráid, Leitir Ceanainn Déardaoin 25 Samhain, idir 11 am-6.30pm chun na painéil chomhairliúcháin a fheiceáil agus labhairt leis an fhoireann.
• Coinnigh suas chun dáta ar Facebook agus Twitter Chomhairle Contae Dhún na nGall
• Lean an tionscadal ar Facebook @Letterkenny2040
• Haischlib #letterkenny2040

 


Tá ócáid chomhairliúcháin beartaithe do scoileanna Dé hAoine 26 Samhain ag an sean-siopa A-Wear. Ba bhreá leis an fhoireann cluinstin ó dhaoine óga mar sin más mian le do scoil páirt a ghlacadh, déan teagmháil le do thoil ar [email protected]

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO