Tá lúcháir ar Chomhairle Contae Dhún na nGall fáilte a chur roimh fhógra an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail inniu, Heather Humphreys go bhfuil €18.8m bronnta faoin Chiste Athnuachana agus Forbartha Tuaithe (RRDF), i gcomhar le có-mhaoiniú de €2.5m geallta ag Comhairle Contae Dhún na nGall lfá choinne tionscadail athnuachana i gCarn Domhnach, Bealach Féich-Srath an Urláir agus Ailt an Chorráin.
Cuideoidh an infheistíocht le tionscadail athnuachana a chur i gcrích i gcroílár achan cheann de na bailte, rud a athróidh ó bhonn iad. Mar chuid de na tionscadail, cruthófar spásanna úra poiblí agus timpeallachtaí feabhsaithe do choisithe, dhéanfar foirgnimh thréigthe a athúsáid, ina measc foirgnimh oidhreachta, agus fobrófar spás úr fiontraíochta le haghaidh cianfhoghlama, fiontraíocht shóisialta, fiontair thurasóireachta agus infheistíocht eacnamúil ar mhórscála.
Baineann na tionscadail leis na dúshláin ar leith agus na deiseanna athnuachana in achan bhaile, ina measc:
D’fháiltigh Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Clr. Rena Donaghey roimh an fhógra agus dúirt sí: “Is aitheantas tábhachtach é seo ón rialtas go bhfuil tábhacht le hinfheistíocht a dhéanamh inár mbailte tuaithe le hiad a neartú mar phríomh-ionaid seirbhísí ar féidir leo freastal ar riachtanais an phobail tuaithe i gcoitinne. Cuirfidh an infheistíocht seo beocht arís i gCarn Domhnach, Bealach Féich-Srath an Urláir agus Ailt an Chorráin mar áiteanna bríomhara, tarraingteacha agus spreagúla do na pobail atá iontu cheana féin agus cruthóidh sé go leor deiseanna breise le haghaidh gnólachtaí úra agus gnólachtaí reatha, cruthú fostaíochta, agus méadú ar infheistíocht go ginearálta. Ba mhaith liom ardmholadh a thabhairt do gach duine a rinne an obair leis na tionscadail spreagúla seo a fhorbairt, agus buíochas a ghabháil leis an Aire as muinín a chur sna féidearthachtaí atá anseo i gContae Dhún na nGall.”
Dúirt Príomh-Fheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall, John McLaughlin: “Lean muid linn de bheith ag obair go dian i gcomhpháirt le pobail áitiúla chun máistirphleananna agus tionscadail forbartha a fhorbairt a d’fhéadfadh difear mór a dhéanamh do tharraingteacht agus d’inchónaitheacht ár mbailte móra ar fud an Chontae agus ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don chomhoibriú pobail a chuidigh leis seo a dhéanamh. Is obair fhíorthábhachtach í seo chun tacú leis an phobal agus le forbairt chultúrtha ár mbailte mar lonnaíochtaí bríomhara cruthaitheacha arbh fhiú go mór cónaí iontu, infheistiú iontu agus cuairt a thabhairt orthu. Is tionscadail shuaitheanta a dhéanfaidh athrú ó bhonn iad na tionscadail atá ag fáil tacaíochta inniu ó fhógra an Aire Humphreys, agus tá tábhacht fad contae agus réigiúnach leo, agus tá siad mar chuid den fhreagairt s’againn ar an Bhreatimeacht, ar Covid agus ar an ghéarchéim aeráide. Tá an Chomhairle tiomanta chun infheistíochtaí den chineál seo a chur chun cinn inár mbailte, rud a chuideoidh le fás agus infheistíochtaí breise a spreagadh ina dhiaidh sin. Is í an obair thiomanta atá déanta ag an Fhoireann Athnuachana s’againn, chomh maith le comhoibriú ó na pobail áitiúla, a thug muid chomh fada leis an fhógra dhearfach seo inniu.”
Agus é ag tagairt don fhoilseachán úr Todhchaí na Tuaithe dúirt Liam Mac an Bhaird, Stiúrthóir Forbartha Pobail agus Seirbhísí Pleanála: “Tá na tionscadail seo ilghnéitheach agus cuireann siad béim ar fhorbairt áite, ar spás poiblí lasmuigh agus ar inrochtaineacht do choisithe chomh maith le poist ar leith agus infheistíocht ar leith a chruthú a bhaineann le ról agus feidhm speisialta gach baile mór atá ag fáil tacaíochta. Baineann an cur chuige seo leas as an bhuntáiste speisialta eacnamaíochta atá ag Carn Domhnach, Bealach Féich – Srath an Urláir agus Ailt an Chorráin, agus tacaíonn sé go díreach le beartas an Rialtais ar son ceantracha tuaithe na hÉireann le láir bailte s’againne a athbheochan mar áiteanna tuaithe atá bríomhar agus go mór in úsáid”.