Chuir Comhairle Contae Dhún na nGall trí fheithicil leictreacha nua (EVanna) lena flít le déanaí mar iarracht chun an inbhuanaitheacht agus gníomhaíocht aeráide a chur chun cinn. Aithníonn an Chomhairle an ról ríthábhachtach atá ag an eagraíocht maidir le fuinneamh a laghdú, maolú ar athrú aeráide agus oiriúnú. Is é ceannach na dtrí EVanna tús le hathrú ar fhlít na Comhairle, agus táimid ag tnúth le leathnú sna blianta amach romhainn. Sheol Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Comhairleoir Jack Murray na feithiclí an mhí seo caite ag Clós Innealra na Comhairle, Leifear.
Dúirt Cahal Moss, Innealtóir Feidhmiúcháin Sinsearach: “Tá na feithiclí nua agus mar chuid de réimse tionscnamh iompair inbhuanaithe, ar a n-áirítear pointí luchtaithe leictreachais tiomnaithe agus áiseanna feabhsaithe a sholáthar do choisithe agus do rothaithe”.
Athdheimhníodh Comhairle Contae Dhún na nGall ar na mallaibh don Chaighdeán Idirnáisiúnta um Bainistíocht Fuinnimh - ISO 50001: 2018 agus leanann sí ag déanamh feabhsúcháin in úsáid fuinnimh, in astaíochtaí carbóin agus i gcostais, ag baint úsáid as an chreat seo. Cuidíonn sé seo leis an údarás a spriocanna inmheánacha coigilte fuinnimh féin a bhaint amach chomh maith le spriocanna na hearnála poiblí náisiúnta chun laghdú éifeachtúlachta fuinnimh 50%, agus laghdú 51% ar CO2eq, a bhaint amach faoin bhliain 2030 ”.
Dúirt Cahal Moss, Innealtóir Feidhmiúcháin Sinsearach: “Tá Comhairle Contae Dhún na nGall tiomanta do EVanna a chur lenár bhflít iompair de réir a chéile, rud a léiríonn go bhfuil muid tiomanta go láidir chun astaíochtaí a laghdú. Agus níos mó EVanna de chuid na Comhairle ar an bhóthar, táthar ag súil go leanfaidh daoine eile sampla na Comhairle agus go n-athróidh siad go dtí feithiclí leictreacha atá saor ó astaíochtaí ”.