Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2021 ar aghaidh > Gasúr i mBabhta Ceannais Gearrscéalta

1 Feabhra 2021 Gasúr as Dún na nGall i mBabhta Ceannais Comórtas Náisiúnta Gearrscéalta do Dhaoine Óga

 

 

Tréaslaíonn Seirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall le John McLoone as an bhabhta ceannais a bhaint amach lena scéal thar a bheith samhlaíoch a scríobh sé do Summer Stars, comórtas náisiúnta gearrscéalta Leabharlanna na hÉireann. Tá a scéal le léamh ar leathanaigh meáin shóisialta na leabharlainne, Facebook @DonegalCountyLibrary agus Twitter @DonegalLibrary.

 

Tá an comórtas mar chuid de chlár bliantúil Ceart chun Léamh a reáchtáladh i leabharlanna poiblí agus ar líne anuraidh agus fuarthas gearrscéalta ó na céadta duine óg as gach cearn den tír. Is féidir na scéalta uilig a bhain duaiseanna, ar théama ‘An Unexpected Adventure’, a léamh ar líne ag www.summerstars.ie

 

Gheobhaidh na buaiteoirí as gach catagóir aoise táibléad agus dearfaidh an t-údar agus maisitheoir Alan Nolan clúdach leabhair ar leith dá scéalta. Gheobhaidh gach scríbhneoir a bhaineann an babhta ceannais amach dearbhán €50 chomh maith le cuireadh páirt a ghlacadh in ócáid údair ar líne dá gcatagóir aoise, á heagrú i gcomhar le O’Brien Press.

 

Ba iad na húdair sárdhíola Judi Curtin, Alan Nolan agus Sarah Webb moltóirí an chomórtais agus shíl siad an dúrud de bhuanna agus de chruthaitheacht na scríbhneoirí óga. “Comhghairdeas le gach duine a ghlac páirt,” arsa Sarah Webb, scríbhneoir do pháistí, “Bhí an caighdeán an-ard ar fad agus bhí sé iontach doiligh buaiteoir a roghnú.”

 

Ba é aidhm an chomórtais gach páiste a spreagadh le sult a bhaint as an chruthaitheacht a bhaineann leis an scríbhneoireacht agus a gcuid smaointe a chur in iúl ar a ndóigh speisialta féin. Bhí na scéalta greannmhar, cliste agus spreagúil agus bhain siad le cairdeas, an coróinvíreas, grá, caill agus iad líon lán de shamhlaíocht.

 

 

Le cois an chomórtais scéalaíochta, mar chuid de chlár Summers Stars, d'eagraigh leabharlanna am scéalaíochta ar líne do pháistí de gach aois, léirmheasanna leabhar ag daoine óga, liostaí de léitheoireacht mholta agus acmhainní léitheoireachta le go mbainfeadh teaghlaigh sult astu sa bhaile. D'ainneoin na ndúshlán a tháinig le paindéim Covid-19, rinne foirne na leabharlann sárobair le teacht ar dhóigheanna nuálacha a mbainfeadh baill óga na leabharlann pléisiúr as an léitheoireacht arís i mbliana.

 

Críoch.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO