Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2021 ar aghaidh > Gradaim Náisiúnta Oidhreachta do Dhún na nGall

20 Deireadh Fómhair 2021 - Gradaim Náisiúnta Oidhreachta do Chontae Dhún na nGall

 

Tugadh aitheantas d’iarrachtaí daoine aonair, teaghlach agus grúpaí pobail ar fud na hÉireann i dtaca le caomhnú, cosaint agus cur chun cinn oidhreacht thógtha, nádúrtha agus chultúrtha na hÉireann ag searmanas na nGradam Náisiúnta Oidhreachta a reáchtáladh Dé Céadaoin, an 20 Deireadh Fómhair. Ag an imeacht ar líne seo, arna óstáil ag an Chomhairle Oidhreachta agus arna chur i láthair ag an chraoltóir de chuid RTÉ, Anne Cassin, bronnadh trí ghradam ar ghrúpaí agus daoine atá lonnaithe i gContae Dhún na nGall.

 

Ba é Patrick Boner as Ailt an Chorráin a bhain gradam an ‘Laoich Oidhreachta.’ Tá Patrick Boner bainteach le tionscadail áitiúla oidhreachta in iarthar Dhún na nGall le níos mó ná 20 bliain agus bhí lámh aige in go leor tionscadal in Ailt an Chorráin agus sna Rosa. Bronnadh Gradam an Laoich Oidhreachta air as an mhéid a chuir sé le caomhnú, cosaint agus cur chun cinn na hoidhreachta áitiúla sa cheantar. Is eisean a scríobh ‘The Story of the Cope’, leabhar cáiliúil a phléann le stair shóisialta Chomharchumann Talmhaíochta Theampall Cróine agus, faoi láthair, tá leabhar dar teideal ‘Her Story - Sally the Cope’ á scríobh aige, agus é ag leanstan dá fhócas ar ghluaiseacht na gceardchumann ar bhonn áitiúil. Rinne sé taighde ar, agus chruthaigh sé Conair Oidhreachta an Chlocháin Léith, soláthraíonn sé ailt do roinnt foilseachán, d’irisí agus do nuachtáin áitiúla a phléann leis an stair áitiúil agus bhí ról réamhghníomhach aige i dtaca le tuarascálacha agus oibreacha caomhnaithe a choimisiúnú ar láithreacha oidhreachta in iarthar Dhún na nGall lena n-áirítear ar Cheárta an Chúipéara in Ailt an Chorráin.

 

Agus tuiscint mhaith aige ar a luachmhaire atá sé an oidhreacht a chomhroinnt agus dul i gcion ar ghlúnta úra, ghlac Patrick go fonnmhar leis na meáin shóisialta agus cuireann tionscadail áitiúla chun cinn ar líne. Labhair sé le scoláirí fosta i scoileanna áitiúla agus rinne turais allamuigh agus turais báid a eagrú chuig agus ar na hoileáin sa réigiún lena n-áirítear Inis Mhic an Doirn. Tríd an rannpháirtíocht s’aige i gcúrsaí oidhreachta, tá sé i ndiaidh bailiúchán pearsanta d’earraí, léarscáileanna, grianghraif, cártaí poist agus cáipéisí a chruinniú agus é i ndiaidh cuid acu a bhronnadh ar Chartlann an Chontae, ar Mhúsaem an Chontae agus ar an Leabharlann Lárnach le go rachaidh siad chun sochair do thaighdeoirí, scoláirí agus don phobal i gcoitinne amach anseo. Tá cion fir déanta aige agus obair dhícheallach dhúthrachtach curtha isteach aige leis an oidhreacht a chosaint, a chaomhnú agus a chur chun cinn in iarthar Dhún na nGall, agus tá sé paiseanta i dtaca le digitiú na n-ábhar cartlainne. Bhí baint aige fosta le go leor imeachtaí de chuid na Seachtaine Náisiúnta Oidhreachta a eagrú.

Ba iad Grúpa Athnuachana Bhéal Átha Seanaidh a bhain an gradam ‘Oidhreacht don uile Aoisghrúpa’ as an fhíseán s’acu ‘A Virtual Saunter Down Ballyshannon’s Historic Mall’, lenar chruthaigh siad ardán do na foirgnimh uilig ar an Mheal i mBéal Átha Seanaidh a bhfuil tábhacht stairiúil, eacnamaíoch, shóisialta agus chultúrtha ag baint leo. Mar chuid den taighde s’acu, chuir siad cuireadh ar dhaoine níos sine a gcuid scéalta a chomhroinnt agus fuair siad leabhair, cáipéisí, pictiúir agus grianghraif ar iasacht ó roinnt daoine sa phobal. Iarradh ar dhaoine óga a bheith rannpháirteach fosta agus amhráin agus dánta a bhaineann go sainiúil le hoidhreacht Bhéal Átha Seanaidh a rá i gcaitheamh fhíseán an tionscadail.

 

Tugadh aitheantas, leis an Ghradam Contae de chuid na nGradam Náisiúnta Oidhreachta, don tionscadal is rathúla i ngach ceantar údaráis áitiúil fud fad an oileáin agus ba iad Oideas Gael a ghnóthaigh an gradam sin i gContae Dhún na nGall. Díríodh an tionscadal s’acu, ‘Oidhreacht Pharóiste Ghleann Cholm Cille a Mhapáil’, ar léarscáil dhigiteach idirghníomhach a chruthú le hoidhreacht shaibhir na mionlogainmneacha i nGleann Cholm Cille a chur os comhair an phobail.

 

“Léirigh na grúpaí oidhreachta, na pobail agus na daoine aonair atá lonnaithe i nDún na nGall tiomantas nár bheag agus d’éirigh go geal leo agus is iontach a fheiceáil gur tugadh aitheantas dóibh as an obair chrua seo arís i mbliana sna Gradaim Náisiúnta Oidhreachta,” arsa Joseph Gallagher, Oifigeach Oidhreacha Chontae Dhún na nGall. “Luíonn rathúlacht na Seachtaine Oidhreachta le grúpaí amhail Grúpa Athnuachana Bhéal Átha Seanaidh agus Oideas Gael agus le hambasadóirí oidhreachta amhail Patrick Boner, a chothaíonn feasacht, a spreagann meas agus a chuireann chun cinn tuiscint níos fearr ar an oidhreacht áitiúil s’againn. Is suntasaí arís an t-aitheantas a fuair siad ag barr na gcatagóirí s’acu nuair a chuirtear san áireamh caighdeán na dtionscadal Seachtaine Oidhreachta eile fud fad na tíre a bhí san iomaíocht ina n-éadan, caighdeán a bhíonn ag éirí níos fearr i rith an ama. Bhí breis agus 1,050 tionscadal oidhreachta sa reicneáil sna catagóirí gradaim éagsúla lena n-áirítear 57 tionscadal as Contae Dhún na nGall. Tá an infheistíocht leantach san oidhreacht nádúrtha, thógtha agus chultúrtha s’againn níos tábhachtaí anois ná riamh d’fhonn an bhraistint áite a athneartú, le tacú lenár bhfolláine, le fostaíocht a chur ar fáil ar bhonn áitiúil, leis an gheilleagar áitiúil a chothú agus le taca a chur faoi thionscal na turasóireachta.”

 

Ag labhairt dó faoi dtaobh den imeacht, arsa an tAire Stáit um Oidhreacht agus Athchóiriú Toghchánach, Malcom Noonan, TD: “Tá lúcháir orm a bheith in ann freastal ar na Gradaim Náisiúnta Oidhreachta agus ceiliúradh a dhéanamh ar iarrachtaí na ndámhachtaithe i dtaca le réadú chur chun cinn, cosaint agus caomhnú na hoidhreachta s’againn a chinntiú. Ábhar misnigh dom go háirithe an dóigh ar úsáideadh teicneolaíochtaí nua-aimseartha in go leor de na tionscadail bhuacacha le taifead a dhéanamh den oidhreacht s’againn agus lena cur in iúl ag leibhéal áitiúil. Fágann sé seo an obair s’acu, agus an oidhreacht chomhroinnte s’againn, níos insroichte ag spriocphobail úra.” Arsa Príomhfheidhmeannach na Comhairle Oidhreachta, Virginia Teehan: “I mbliana, mar chuid den tSeachtain Náisiúnta Oidhreachta, spreag an Chomhairle Oidhreachta díograiseoirí oidhreachta chun ‘doras na hoidhreachta a oscailt’ agus smaoineamh ar bhealaí lena oiread daoine agus is féidir a chuimsiú ina gcuid gníomhaíochtaí. Is é an toradh a bhí air sin ná gur eagraíodh líon agus éagsúlacht mhór de ghníomhaíochtaí oidhreachta. Léiríonn an rathúlacht seo tiomantas na ndaoine aonair agus na bpobal, ar tugadh aitheantas do go leor acu ag na Gradaim Náisiúnta Oidhreachta, chun oidhreacht shaibhir ilchineálach na hÉireann a cheapadh, a cheiliúradh agus a chomhroinnt. Is duine é an ‘Laoch Oidhreachta’, Patrick Boner, ar spreag a chuid oibre in iarthar Dhún na nGall tuiscint agus meas níos doimhne ar an oidhreacht sa cheantar áirithe sin. Thar ceann achan duine sa Chomhairle Oidhreachta, gabhaimse comhghairdeas ó chroí ní hamháin leis na grúpaí agus eagraíochtaí a bhuaigh gradam nó a gearrliostaíodh, ach leo sin uilig a raibh baint acu le gníomhaíochtaí na Seachtaine Náisiúnta Oidhreachta a eagrú agus leo sin uilig a chuir isteach ar na gradaim.”



Ar na buaiteoirí gradaim eile ag na Gradaim Náisiúnta Oidhreachta, bhí Colmcille 1500 Kells as Contae na Mí a bhain ‘Gradam na Nuíosach Oidhreachta’; Grúpa Staire Mhná na Cathrach as Contae Thiobraid Árann a bhain Gradam ‘na hOidhreachta Comhroinnte’; Fóram Pobail SuirCan as Cluain Meala, Contae Thiobraid Árann a bhain gradam ‘na hOidhreachta Uisce’ agus Cumann Seandálaíochta agus Staire Chiarraí, Músaem Contae Chiarraí agus Comhairle Contae Chiarraí a bhain an gradam ‘Wild Child’.

 

Is í an Chomhairle Oidhreachta agus Oifigigh Oidhreachta Áitiúla a dhéanann Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta a chomhordú. I mbliana, tugadh faoi 57 tionscadal oidhreachta i gContae Dhún na nGall as measc an 1,050 tionscadal oidhreachta a rabhthas ag gabháil dóibh fud fad na tíre. In 2022, is é an téama a bheas ann don tSeachtain Náisiúnta Oidhreachta ná ‘Oidhreacht Inbhuanaithe’ agus reáchtálfar í idir an 13 – 21 Lúnasa, 2022. Is féidir níos mó eolais ar na tionscadail bhuacacha, ar an tSeachtain Náisiúnta Oidhreachta agus ar bhealaí le bheith rannpháirteach a fháil ar shuíomh gréasáin na Seachtaine Oidhreachta ag www.heritageweek.ie 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO