Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2021 ar aghaidh > Gradam Barr Feabhais do #CeannaighDúnnanGall

19/11/21 - #CeannaighDúnnanGall aitheanta le Gradam Barr Feabhais sa Rialtas Áitiúil

 

Ghnóthaigh feachtas #CeannaighDúnnanGall de chuid Chomhairle Contae Dhún na nGall Gradam Náisiúnta Barr Feabhais sa Rialtas Áitiúil as forbairt eacnamaíoch a chur chun cinn.



Tarraingíonn na gradaim, a bhí ar siúl inné (Déardaoin 18 Samhain) agus a bhí á óstáil ag Comhlachais na hÉireann, aird ar an chleachtas is fearr sa rialtas áitiúil agus aithníonn siad na scileanna, an obair chrua, an nuálaíocht agus an díograis laistigh den rialtas áitiúil thar raon réimsí ó inbhuanaitheacht go dtí forbairt eacnamaíoch.



Dúirt Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Comhairleoir Jack Murray: “Bhí bua ag #CeannaighDúnnanGall in éadán iomaíocht ghéar ó Údaráis Áitiúla eile lena n-áirítear tionscnaimh um fhorbairt eacnamaíoch ar an ghearrliosta ó Chomhairlí Chorcaí, Luimnigh, Mhaigh Eo agus Mhuineacháin. Tá lúcháir orainn go bhfuil aitheantas á thabhairt don obair chrua agus don smaointeoireacht nuálach atá ag gach duine a bhfuil baint acu leis an fheachtas. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil fosta le muintir Dhún na nGall agus i bhfad níos faide i gcéin a rinne a gcuid leis an togra #CeannaighDúnnanGall a chur chun cinn agus chun tacú leis.’’



Chuir Comhairle Contae Dhún na nGall tús le #CeannaighDúnnanGall in 2020 agus tá sé ar siúl i mbliana arís. Taispeánann an feachtas an chuid is fearr de ghnó Dhún na nGall do lucht féachana domhanda agus sa chéad bhliain sin ghlac níos mó ná 250 gnólacht páirt ann agus chonaic 85% de na gnólachtaí sin méadú ar a ndíolachán mar thoradh díreach ar an fheachtas. Ghlac raon gnólachtaí páirt sa tionscnamh seo faoi stiúir na Comhairle, ina measc dearthóirí agus déantóirí, táirgeoirí bia agus dí, miondíoltóirí, tairiscintí seirbhíse agus soláthróirí turasóireachta.



Dúirt Príomhfheidhmeannach na Comhairle, John McLaughlin: “Bhí bliain dhúshlánach ag gnólachtaí anuraidh i ngach áit, agus trí #CeannaighDúnnanGall bhí muid ag iarraidh tacaíocht dhearfach a sholáthar do gheilleagar agus do lucht gnó Dhún na nGall. Chuidigh an obair chomhoibritheach uilig idir gnólachtaí sa chontae, grúpaí gnó, na meáin agus Foireann na Comhairle, atá bainteach le #CeannaighDúnnanGall, leis an rath a bhí ar an fheachtas, rud a chuir borradh faoi ghnólachtaí ar fud an chontae, idir bheag agus mhór’’.



Leanfaidh feachtas 2021 #CeannaighDúnnanGall suas go dtí an 31 Nollaig agus thig leat do pháirt a ghlacadh chun tacú le gnó Dhún na nGall trí chuairt a thabhairt ar buydonegal.com. Is féidir le gnólachtaí clárú don fheachtas go fóill trí logáil isteach ar donegal.ie/businessport

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO