Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2021 ar aghaidh > Gradam Brait Ghlais do Chnoc na Beairice

18-11-21 - Gradam Brait Ghlais do Chnoc na Beairice

Green Flag Award for Barrack Hill image

 

 

Tá lúcháir ar Chomhairle Contae Dhún na nGall gur éirigh le páirc bhaile Chnoc na Beairice Gradam an Bhrait Ghlais 2021 a bhaint amach don dara bliain as a chéile. Tugann scéim an Bhrait Ghlais® aitheantas agus duaiseanna i dtaca le páirceanna agus spásanna glasa a bhfuil dea-bhainistiú á dhéanamh orthu, agus leagann sí síos an caighdeán tagarmhairc le haghaidh bainistiú spásanna áineasa lasmuigh.

 


Is páirc ilfheidhmeach dhroimneach 4 acra í an pháirc, atá fá fhad siúil ó lár baile Charn Domhnach. Go stairiúil, tá an ceantar cóngarach do shuíomh sean-Bheairice de chuid an RIC (mar a thugann an t-ainm le tuiscint) agus, mar gheall ar áit a bhfuil sí suite, tá radharcanna iontacha uaithi amach ar an cheantar.

 

 

Tá lúcháir ar an Chomhairle fosta de bharr an scéala gur bhuaigh na bailte comharsanacha Bun an Phobail agus Bun Cranncha duaiseanna sa chomórtas Bailte Slachtmhara. Bhain Bun an Phobail bonn Cré-Umha, agus d’éirigh le Bun Cranncha an bonn óir bailte slachtmhara a bhí acu a choinneáil, agus Gradam Náisiúnta a bhuachan, as a bplean le haghaidh pailneoirí don dara bliain as a chéile.

 

 

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall tiomanta chun tógáil ar an iarratas seo agus an pháirc seo agus na spásanna glasa uilig atá faoina smacht a fheabhsú, lena chinntiú go bhfuil rochtain ag gach duine ar spásanna glasa d’ardchaighdeán agus ar spásanna oscailte eile, is cuma cá háit a bhfuil cónaí orthu.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO