Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2021 ar aghaidh > Gradam Pailneoirí buaite ag Bun Cranncha

24-11-21 - Gradam Náisiúnta Pailneoirí de chuid na mBailte Slachtmhara buaite ag Bun Cranncha arís

Buncrana wins National ‘Tidy Towns’ Pollinator Award again image

 

Tá Gradam Náisiúnta Pailneoirí na mBailte Slachtmhara buaite ag Bun Cranncha den dara huair, agus Gradam Pailneoirí Réigiúnach na nÚdarás Áitiúil do Réigiún an Iarthuaiscirt agus an Iarthair i gCatagóir na mBailte Móra don cheathrú bliain as a chéile.

 

Fógraíodh na buaiteoirí ar líne ag Gradaim Náisiúnta na mBailte Slachtmhara níos luaithe an mhí seo.

 

I measc na mbeart a chuir Tionscnamh Bailte Slachtmhara Bhun Cranncha i bhfeidhm tá bainistíocht ar spásanna poiblí ar dhóigh a thacaíonn le pailniú; flóra nádúrtha a fheabhsú; móinéir bláthanna fiáine a chruthú; suirbhéireacht a dhéanamh ar fhlóra agus fána; úllord pobail agus conairí nádúrtha a chruthú do phailneoirí; fálta sceach dúchasacha a chosaint agus a phlandáil; gearradh a laghdú chun ligint do bhláthanna fiáine fás; óstáin beacha a dhéanamh agus a thógáil; agus úsáid lotnaidicídí agus luibhicídí a laghdú agus a chealú.

 

Thug an grúpa faoi thionscadail agus cheardlanna fosta chun feasacht a mhúscailt maidir lenár mbithéagsúlacht agus maidir lena thábhachtaí agus atá pailneoirí, trí oibriú le páirtithe leasmhara éagsúla, lena n-áirítear baill den phobal áitiúil, Comhairle Contae Dhún na nGall, Inis Eoghain Fhiáin agus an tIonad Náisiúnta le haghaidh Sonraí Bithéagsúlachta.

 


“Tá Tionscnamh Bailte Slachtmhara Bhun Cranncha anois ina cheannaire náisiúnta maidir leis an phobal áitiúil a fhostú chun tabhairt faoi ghníomhartha a thacaíonn le pailniú mar chuid den Phlean Pailneoirí Uile-Éireann” a dúirt Joseph Gallagher ó Oifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall. “Tá áthas ar Oifigí Oidhreachta agus Oifigí Bithéagsúlachta na nÚdarás Áitiúil, i gcomhpháirtíocht leis an Ionad Náisiúnta le haghaidh Sonraí Bithéagsúlachta, urraíocht a dhéanamh ar Ghradam Pailneoirí na nÚdarás Áitiúil mar chuid de chomórtas na mBailte Slachtmhara. Tá béim ag an ghradam ar an bhithéagsúlacht agus ar an ról ríthábhachtach a dhéanann ar gcuid beach Éireannach, a bhfuil a líon ag meath, i dtaca lenár bplandaí, ár gcrann agus ár nglasraí a phailniú. Spreagann an gradam grúpaí áitiúla chun gníomhartha a thacaíonn le pailniú a chur i bhfeidhm ina mbailte agus sráidbhailte. Cuireann an gradam le cuspóirí an Phlean Pailneoirí Uile-Éireann a bhaint amach."

 

 

Bhain Bailte Slachtmhara Bhun Cranncha an duais náisiúnta €1,000 agus duais réigiúnach €1,000. I measc bhuaiteoirí na ngradam réigiúnacha eile bhí Mainistir Laoise, Co. Laoise; Caisleán Griaire, Co. Chiarraí; Leithghlinn an Droichid, Co. Cheatharlach; Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo; Dún Dealgan, Co. Lú; Inis, Co. an Chláir agus Cluain Meala, Co. Thiobraid Árann. Le haghaidh tuilleadh eolais ar an Phlean Pailneoirí Uile-Éireann agus an méid is féidir leat féin agus do phobal a dhéanamh chun tacú le beacha agus le pailneoirí eile, tabhair cuairt ar www.pollinators.ie

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO