Choinnigh Leitir Ceanainn a Ionad Díreach Eorpach i ndiaidh don Choimisiún Eorpach seacht nIonad Díreach Eorpach a fhógairt mar chuid d’athchóiriú ar a líonra pointí eolais agus cumarsáide ar fud na hEorpa.
Tá an t-ionad sa Lárleabharlann i Leitir Ceanainn ann le breis agus deich mbliana, ag soláthar eolas luachmhar do shaoránaigh maidir le hoibríochtaí, agus cinntí a rinneadh, ar leibhéal an AE. Is comhartha é an t-athsheoladh an tseachtain seo caite ar thábhacht na seirbhíse poiblí atá á soláthar do shaoránaigh i nDún na nGall agus ar fud an Iarthuaiscirt.
Bhí Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Clr Jack Murray i gceannas ar an athsheoladh agus rinne sé comhghairdeas leis an fhoireann as a ndea-obair rathúil go dtí seo.
“Ní raibh obair na n-institiúidí Eorpacha riamh níos tábhachtaí ná mar atá anois. Tá an domhan níos lú anois de bharr theacht chun cinn an Idirlín agus rochtain ar mheáin agus imeachtaí ó gach cearn den Eoraip ar ár nguthán cliste.
“Rud eile atá tábhachtach le tabhairt faoi deara ná an leathnú atá ar úsáid na meán sóisialta agus an tionchar dochrach a tharlaíonn de bharr níos mó mí-eolais a bheith á scaipeadh. Ciallaíonn sé go gcaithfidh na baill foirne sin a chuireann obair ár n-institiúidí AE in iúl a bheith ag obair níos crua chun a bheith i dteagmháil le saoránaigh agus chun muinín a thógáil. Ba mhaith liom gach rath a ghuí ar na baill foirne in Ionad Díreach Eorpach Leitir Ceanainn, agus gabhaim buíochas libh arís as an tseirbhís den scoth seo a sholáthar do shaoránaigh Leitir Ceanainn agus an chontae i gcoitinne."
Thug an Feisire Parlaiminte Eorpach don Lár Tíre agus Iarthuaisceart, Maria Walsh, príomhóráid ar an dóigh a bhfuil sí féin agus a comhghleacaithe ag cur obair institiúidí an AE in iúl ag leibhéal áitiúil.
"Thug mé tacaíocht i gcónaí don obair a dhéanann sibh ar fad ar fud Ionaid Dhíreacha na hEorpa. Taispeánann athsheoladh Ionad Díreach Eorpach Leitir Ceanainn, agus oscailt seacht n-ionad nua siar i mí na Bealtaine, an líonra ríthábhachtach a chothaigh sibh do shaoránaigh na hÉireann agus cuidíonn sé leis an nasc a neartú idir Éirinn agus an AE. Mar gheall ar an phaindéim COVID-19, bhí an dá bhliain seo caite thar a bheith doiligh dúinn uilig agus tá cumarsáid shoiléir, bheacht agus éifeachtach thar a bheith tábhachtach, i ndomhan ina bhfaca muid teacht chun cinn an mhí-eolais in áiteanna éagsúla san Eoraip.
“Tá an deis seo inniu, chun teacht le chéile mar dhlúthchairde agus an caidreamh cumasáideach idir Éirinn agus an AE a mheas, ag tarlú ag am iontach tábhachtach agus muid ag déanamh machnaimh ar na comhchuspóirí agus comhghníomhartha atá againn do na blianta atá le teacht. Mar gheall ar imeachtaí a reáchtáladh i Leitir Ceanainn, amhail Plé na Saoránach le daltaí idirbhliana ó Choláiste Ailigh agus an comórtas Ardán Cainte ar na mallaibh, spreagadh suim mhór i gcúrsaí AE. Cuideoidh leanúint leis an idirphlé seo lenár dtuiscint ar an nasc AE-Éireann a chothú. "
Dúirt Bainisteoir Ionad Díreach na hEorpa Ciara Cunnane go raibh a foireann ag tnúth le hionad barr feabhais a choinneáil agus an pobal a choinneáil i dteagmháil le hobair na hEorpa, trí rochtain chinntiú ar fhoilseacháin agus ar bhróisiúir ó institiúidí an AE agus rochtain ar ríomhairí pearsanta chun ábhar AE a chuardach, nasc saorfhóin le Deasc Cabhrach an Ionaid Dhírigh Eorpach, chomh maith le himeachtaí ar nós cainteanna, taispeántais agus comórtais.
Is féidir le baill den phobal rochtain a fháil ar sheirbhísí Ionad Díreach Eorpach Leitir Ceanainn sa Lárleabharlann nó go fíorúil trí r-phost ar [email protected] nó ar an ghuthán ar 0749124950.
Tá Ionad Díreach Eorpach Leitir Ceanainn maoinithe ag an Choimisiún Eorpach agus tacaíonn Comhairle Contae Dhún na nGall leis.