Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2021 ar aghaidh > Obair chianda ar Árainn Mhór

Ag obair go cianda agus radharc álainn agat ó Árainn Mhór

 

Tá MODAM, an chéad mhol digiteach oileánda a bunaíodh sa tír, suite ar Árainn Mhór amach ó chósta in Iarthar Dhún na nGall. Labhraímid le hAdrian Begley, Cathaoirleach ar Chomhairle Forbartha agus Fostaíochta Árainn Mhór (CFFÁM), agus le Matthew Loughnane, oibrí cianda lonnaithe ar an oileán, maidir leis an tionchar a bhíonn ag an mhol digiteach ar an gheilleagar áitiúil ó bunaíodh é in 2019, agus maidir leis an obair chianda ar an oileán san am atá romhainn.

 


Bunaíodh MODAM i dtús ama mar chuid den fheachtas #ComingHome, agus bhí de chuspóir leis an taoide a chasadh i dtaca le laghdú sa daonra agus an t-oileán a dhéanamh níos inbhuanaithí. Tá tacaíocht faighte ag an Mhol Digiteach in Árainn Mhór ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, Comhairle Contae Dhún na nGall, Three Ireland agus Údarás na Gaeltachta. Tá muintir an oileáin an-tacúil ón tús agus d’fháiltigh siad roimh an fhorbairt seo a d’fhéadfadh deiseanna a chruthú don oileán. Mar a deir Adrian: “cruthaíonn mol digiteach deiseanna úra fostaíochta agus tacaíonn sé le hoibrithe cianda, rud a d’fhéadfadh cuidiú le baill den Diaspóra pilleadh abhaile go hÁrainn Mhór”. Cuireann MODAM eispéireas ar leith ar fáil d’oibrithe cianda, is é sin “ionad oibre atá níos suaimhní agus níos réidhe ach ina bhfuil ceangal idirlín sábháilte, iontaofa, ardluais chomh maith agus a gheofá in aon chathair,” arsa Adrian.

 


Tá forbairt an mhoil dhigitigh seo le leas chuspóirí Chomhairle Forbartha agus Fostaíochta Árainn Mhór agus iad ag pleanáil leis an oileán a athbheochan agus leis an dearcadh a d’fhéadfadh a bheith ag daoine a athrú maidir leis an chineál saoil a bhíonn ar fáil ar oileán in Iarthar Dhún na nGall. Mar a deir Adrian linn: “Is é atá ar fáil agus indéanta ar an oileán anois ná cothromaíocht idéalach oibre agus saoil ag daoine, más é sin an rud is mian leo”. An t-eispéireas a chuireann MODAM ar fáil dá gcuid cliant, tá sé an-éagsúil le haon mhol digiteach eile, agus athraíonn sé go huile is go hiomlán coincheap na hoibre cianda mar go bhfuil cuid mhór de na háiseanna agus de na buntáistí aige agus a bhíonn ag mol den chéad scoth áit ar bith ar chlár na cruinne, ach amháin go bhfuil radharcra ar dóigh le taiscéaladh ann agus trá ar thairseach an tí.

 


Tá Oileánach úr amháin, Matthew Loughnane a bhfuil ceangal teaghlaigh aige in Árainn Mhór, ag obair go cianta ar an oileán ó mhí Iúil 2020 de bharr na srianta Covid. Sular bhog sé ann, bhí sé lonnaithe i Londain, áit a raibh an dianghlasáil iontach dian agus sriantach. Ar seisean: “Ó tháinig mé anseo, tá i bhfad níos mó saoirse agam a bheith amuigh faoin spéir gan aon contúirt”. Labhraíonn sé fosta faoin dóigh ar thug muintir an oileáin faoiseamh dó le bliain anuas mar “go mbíonn daoine i bhfad níos cóngaraí agus i bhfad níos tacúla dá chéile ná mar a bhíonn i gceantracha uirbeacha”. Tá difear millteanach mór idir a bheith ag aonrú in Árainn Mhór agus i Londain, agus is mór an leas é don réigiún. “Tá Árainn Mhór inchurtha le háit ar bith eile sa tír i dtaca le radharcanna de. Cuireann sé suaimhneas ar dhuine, agus glanann sé an intinn, a bheith ag fánaíocht anseo go mall sa tráthnóna seachas a bheith ag taisteal ar an tiúb”.

 


Deir Adrian go bhfuil an Chomhairle Forbartha ag súil go rachaidh MODAM ó neart go neart: “Tá an saol oibre ag dul a athrú ó bhonn sna blianta amach romhainn nuair a thiocfaidh deireadh leis an phaindéim, agus creidimid go mbeidh éileamh níos mó ar an áis s’againne de bharr an méadú a bheas ar an obair chianda”. Tá dóchas agus dearfacht ann maidir leis an obair chianda ar Árainn Mhór, agus maidir leis na deiseanna a thiocfaidh as sin. Agus é ag caint faoi na pleananna atá ann don mhol digiteach, dúirt Adrian: “Leanfaidh MODAM orainn ag tairiscint na seirbhíse speisialta ar leith atá againn faoi láthair, a bhfuil an-éileamh air, agus tá seans go bhfásfaidh muid de réir mar a thagann méadú ar an éileamh”.

 

Bíonn Comhairle Forbartha agus Fostaíochta Árainn Mhór i mbun plé go minic le soláthróirí oideachais agus oiliúna ar fud na hÉireann, chomh maith le heagraíochtaí ar nós Grow Remote, agus muid ag cur leis an mhéid atá bainte amach ag MODAM go dtí seo don phobal. Lena chois sin, leanann an Chomhairle Forbartha leo ag díriú aird ar riachtanais thábhachtacha eile atá ag muintir an oileáin agus acu siúd ón Diaspóra atá ag pilleadh, i réimse amhail tithíocht, agus leanann siad leo ag obair chun an ceangal sreinge snáth-optaice faoin fharraige go hÁrainn Mhór a chur i gcrích, rud mar a deir Adrian ‘a chuirfidh leis an tseirbhís shoghluaiste leathanbhanda atá ann cheana féin, agus rud a chuideoidh leis an oileán a shlánú do na glúnta atá ag teacht”.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO